’san litir úd do sgríobh sé acht magadh. Nárbh’ é mo chuid féin é? Acht fágfad i n‑oifig an dligheadóra é go ceann míosa, go ceann ráithe, go ceann bliadhna, má thogruighim é. Dá dtéighinn ’n‑a choinne anois, b’ fhéidir go gceapfadh an sumachán úd de dhligheadóir gur ’n‑a easbhaidh bhíos. Ní chuirfinn thairis é, dá síleadh sé go raibh ocras orm!
Gan cuimhneamh orm féin, d’fháisgeas an crios a bhí faoi mo chom agam. Choigligheas an sop féir a bhí le mo chluais go raibh dath glas ar mo bhéal uaidh.
Buaileann clog. Clog teampaill eicínt. Cluinim gach buille. A haon—a dó—a trí—a ceathair…. Acht ní fhéadfadh sé bheith a ceathair fós. Ar ndóigh, ní raibh sé acht an deich nuair a bhuail mé isteach annseo. Beidh an fear dlighe imthighthe a bhaile. Ní bhfuighead mo chuid airgid indiu. Caithfidh mé deifir a dhéanamh.
Éirighim ’mo sheasamh go tobann agus bainim as chomh sgiobtha is tá ’san leath-chois. Tá méigrim ’mo cheann. Táim mar bhéinn ar meisge ag dul ó thaobh go taobh ar na maidíbh croise. Meisge atá orm gan aimhreas—meisge an ocrais atá orm. Na smaointe fánach aisteacha atá ag teacht chugam, agus ag imtheacht uaim ar nós na gaoithe, ní’l ionnta acht smaointe fir mheisge, ní’l ionnta acht aislingí fir mhire. An bhféadfainn a dhul chuig geata na páirce gan an maide a bhí ’mo láimh dheis a bhualadh i n‑aghaidh an talaimh acht an oiread seo d’uaireantaibh? Dá n‑éirigheadh liom, bhíos cinnte go mbéadh airgead an Fhir Bhig Bhuidhe i n‑oifig an dligheadóra rómham. Muna n‑éirigheadh, bhéinn dá uireasbhaidh. Rinneas iarracht uathbhásach a dhul chuig an ngeata agus gan an maide a chur ar an talamh acht seacht n‑uaire is dá fhichid. Nach mé bhí ag déanamh na hoibre? Nach mé bhí ag saothrughadh an turais? Bhí an t‑allus liom ’n‑a chaise agus an ghrian ag deallramh anuas go neamhthrócaireach orm. Bhéadh truaigh ag duine dhom, bhéadh gráin ag duine orm leis an gcaoi a bhíos dhom’ chasadh agus