Page:Deoraidheacht (1920).pdf/80

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
80
Deoraidheacht

Ní’l aon áird agam ar na spotaíbh dubha atá ar a chraic­eann. Táim ar lár mo dhroma. Tá croinnte móra ar gach taobh dhíom. Tá an ghaoth ag crónán ’n‑a mbárr. Tá an duill­eabhar go meidh­reach agus go fuaim­neach, acht nach bhfuil an ceól céadna dhá spreagadh aca is bhí i dtús an tsamh­raidh. Táid meidh­reach ar bhealach faoi leith i séasúr seo an éaga. Gach smathamh a bhuaileas na billeóga feósaidhe, déanann siad torann aisteach mar bhéadh glugar an bháis ann. Acht tá meidhir agus aiteas ar na cinn eile go bhfuilid i n‑an’ seasamh amach chomh maith sin i n‑aghaidh an bháis atá i ndán dóibh. Tuiteann ceann de na bill­eógaibh feósaidhe seo ar mo bhaithis. Leigim di fanacht ’san áit ar thuit sí. Tuiteann ceann eile ar mo bhéal. Táid ag tuitim go tiugh ’mo thim­cheall. Ní’l ins na fearaibh fáin atá ag breacadh na páirce annseo acht billeóga móra feósaidhe a thuit ó chrann eicínt, dar liom….

Tá sop féir le mo chluais. Nuair a thagann an ghaoth air, buailtear faoi mo chluais é, agus leigim orm féin go bhfuil an sop féir ag síor-iarraidh orm féachaint air, gur rud beó é. Acht ní fhéachaim. Cuireann an sop féir úd fearg orm. Sínim amach mo lámh le n‑a bhaint. Feicim feithide buidhe fad-chosach leath-mharbh ’n‑a bhárr. Nuair a chorr­uighim an sop, tuiteann sé agus cuireann sé na cosa i n‑áirde uaidh le é féin a chosaint. Tugaim faoi deara go bhfuil an-chuimse aca ann, de’n chineál chéadna, agus go bhfuil an chosamh­lacht leath-mharbh orra uile go léir. Táid ag dul chun suain go ceann an gheimh­ridh. Dá bhféad­ainn-se an cleas céadna a dhéanamh! Bainim an sop. Cuirim in mo bhéal é. Coiglim é ar nós bó. Ní leigim orm gur ocras atá orm….

Ocras! Céard a bhéarfadh go mbéadh ocras orm! Nár itheas mo shean-bhéile indé! Agus nach raibh an t‑airgead ag fanacht liom i n‑oifig an dligh­eadóra, b’fhéidir. Ní choinn­eóchadh an Fear Buidhe an t‑airgead uaim. Ní raibh