éalughadh ó’n gcath. Bhí cuid aca ar a thóir fós. Nuair nár éirigh an tóir leó, cheap cuid aca go raibh an chuid eile aca ’ghá chosaint. Annsin bhíodh sé ’n‑a chomhrac idir an dá dhream sin. Faoi dheóidh ní aon chath mór amháin a bhí ann idir na daoine a chaill a gcuid agus muintir an Fhir Bhig Bhuidhe, acht mar bhéadh céad comhrac éinfhir ar fud na páirce.
D’fhanas féin amach ó’n ár. Cheapas go bhféadfainn an Fear Buidhe fhagháil agus a áit foluighthe a nochtadh dhóibh.
Glanadh an pháirc ’sa deireadh. Thuig na daoine nach raibh muintir an Fhir Bhuidhe ’n‑a measg ar chor ar bith. Chuaidh gach rud chun suaimhnis.
Bhíos féin ag tabhairt turais na páirce, nuair a tháinic cuid de mhuintir an Fhir Bhuidhe chugam go deifreach. Bhí an fear macánta sin leath-mharbh ó’n bhfuil a chaill sé ’san gcomhrac. Ní raibh aon ghnó aige dhíom feasta. Bhí sé sásta mo chuid airgid a chur chugam dá n‑imthighinn láithreach bonn. Nárbh’ fheárr dhom imtheacht ar thraen an dódhéag?
Bhíos sásta sin a dhéanamh. Ní raibh agam acht ceathramha uaire le breith ar an traen acht rugas uirri. Ag dearcadh amach thríd an bhfuinneóg dhom, agus an traen ag fágáil an phuirt, chonnaiceas bean mhór reamhar cois balla faoi lampa, agus í ag tabhairt na súl.
· | · | · | · | · | · | · |
Má théighir go Gaillimh go deó, cuir tuairisg an taisbeántais, agus beidh greann agad. D’fhág an Fear Beag Buidhe an baile mór, tráth éigin de’n oidhche, agus ní dócha gurab é a bheannacht d’fhág sé ’n‑a dhiaidh.