Page:Deoraidheacht (1920).pdf/63

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
63
Deoraidheacht

go mbéadh an dán de mheabhair aige féin, nós go sílfeadh an sluagh gurab é féin a bhí ’ghá chumadh ’chomhfhad ’s a bhí sé ’ghá rádh.

“Cúig phunnt,” arsa mise.

“Cúig phunnt,” ar seisean.

“Faoi t’ainm agus faoi do shéala,” arsa mise.

“Faoi m’ainm agus faoi mo shéala,” ar seisean.


XIV.

Tá sé an deich a chlog. Tá an botha lán go draid. Na daoine atá ’san láthair táid dingthe isteach ’n‑a chéile ar nós sgadán i mbairille. Tá cuid aca chomh fada sin uaim nach féidir leó aon amharc fhagháil orm. Tá an Fear Beag Buidhe ann, agus é go saothrach ag iarraidh áit a dhéanamh dhóibh, agus do na daoine atá taobh amuigh.

Nuair atá réidhteach déanta aige éirigh­eann sé ’n‑a sheasamh ar bhosga i lár an tsluaigh.

“A cháirde,” ar seisean, “a mhuintir na Gaillimhe,” ar seisean, “tá focal beag agam le rádh libh anocht. Chonnaic sibh—ní dóigh liom go bhfuil aon duine annseo nach bhfaca an Bhean Reamhar úd atá agam-sa. Ní hí mo bhean féin í, mar is eól díbh nár phósas fós….”

“Sáthach luath agad,” arsa duine.

“Fíor dhuit. Tá sé sáthach luath agam fós … acht tá mná deasa i nGaillimh⸺”

Dhearc sé ’n‑a thimcheall. Bhí cuid de na mnáibh a bhí ann ag éirghe cuthalach.

“Acht faoi’n Mnaoi Reamhair seo atá agam,” ar seisean ag féachaint ’n‑a thim­cheall arís, agus ag rádh na bhfocal ar nós breithimh a bhéadh ag tabhairt breith báis ar chuirp­theach, “an bhean reamhar seo atá agam-sa,” ar seisean, “tá—sí—i ngrádh.”

Tháinic gáiridhe ar a raibh ann.