Page:Deoraidheacht (1920).pdf/54

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
54
D{{subst:lc|EORAIDHEACHT}}

annseo nó is duit is measa. Casadh daoine de do shórt-sa orm cheana—casadh orm iad sul ar rugadh thusa, agus ní buidheach díobh féin a bhíodar. Ní fada d’fhanadar agam. ’Siad a bhí go leamh díobh féin ag imtheacht dóibh.”

Chuir sé an méid sin de go beó tapaidh ar nós duine bhéadh corr­uighthe go mór, acht nach raibh a fhios agam féin an i ndáir­íribh a bhí sé nó an raibh sé ag leigint air féin cuthach a bheith air, agus níor mhisde liom cé aca. Ní raibh fhios agam, acht a oiread, céard a bhí in’ intinn aige, agus ba chuma liom. ’N‑a sheasamh annsin faoi’n lampa beag dhó, agus an solus ag tuitim anuas ar a ghruaidh bhuidhe rocaigh, chuir­feadh sé fonn gáiridhe ar dhuine. Bhí fonn gáiridhe orm féin ar chaoi ar bith. Bhainfinn greann agus sult as ó bhí a fhonn orm. Agus bhain.

Thosuigh air arís.

“A fhir óig,” ar seisean—ní bhíodh aon ainm eile aige ar dhuine, cuma cé’n aois a bhéadh aige nuair a bhíodh fearg air. “Ná bíodh aon cheapadh agad-sa, a fhir óig,” ar seisean, “go bhfuigh­idh tú cead do chinn annseo, mar ní bhfuigh­idh tú. Chon­naiceas-sa ar maidin thú—chonnaic go leór eile de mo mhuintir thú…”

“Acht nach bhfuil a fhios agad féin,” arsa mise—agus bhíos ar tí an sgéal a nochtadh ’n‑a fhírinne dho nuair a chuir sé isteach orm. Acht bhí a fhios agam céard a bhí in’ intinn aige.

“Nuair a fuair m’athair bocht bás fiche bliadhain ó shoin (ar láimh dheis Dé go raibh a anam), nuair a fuair sé bás, adeirim, thug sé comhairle mo leasa dhom. ‘Tá muintir Trott ar an mbóthar anois le leith­chéad bliadhain,’ ar seisean, ‘agus droch-ghníomh ná feall-bheart ná tada dá sórt ní deárnadh ’n‑a dtais­beántas ariamh. ‘Go raibh an sgéal amlaidh choidhche,’ ar seisean. ‘Beidh, a athair,’ arsa mise, ‘beidh ’fhad ’s beó mé.’ ‘Go raibh an t‑ádh ort, a mhic; go gcuid­ighidh Dia leat, a mhic,’ ar seisean, agus d’éaluigh