Page:Deoraidheacht (1920).pdf/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
36
Deoraidheacht

mé chasfadh an port le haoibh­neas nuair d’fheicfinn na súile ag éirghe amach as do cheann mar bhéadh dá uibh chearc ann, agus iad ag dul i méid, ag dul i méid i gcómh­nuidhe…?

Chuaidh sé féin thart ar an bpointe seo. Ar fheiceál dhó chomh corr­uighthe is bhíos tháinic misneach mór chuige. Cheap sé gurab amhlaidh a bhíos ag iarraidh sgannradh agus alltacht a chur ar na daoine le n‑a mealladh isteach chuige tráthnóna. Togha fir a bhí ionnam. Bhéaradh sé dom an ceithre phunnt ’san tseacht­mhain a bhíos ’iarraidh air ar maidin. B’fhiú tuilleadh mé. Dhearc sé orm, agus thosuigh ag caochadh na súl i dtreó go dtuigfinn uaidh go raibh sé sásta a thabhairt dom. Chuir sé a cheithre mhéar i n‑áirde. Chaoch sé na súile an ath-uair. Bhí buile ag teacht orm féin. Céard mar gheall air go raibh sé ag magadh fúm ar an gcuma sin? Nach rabhas ag déanamh a shaidh­bhris? Marach mise an dtiocfadh duine ar bith chuige? Cá mbéidís ag teacht?

Thugas cor. Ba mhór an croidhe a thug sé dhom chomh breágh teann lán-láidir is bhí na féith­eacha in mo leath-láimh. Thosuigh an slabhra ar crathadh ar nós na gclogán mbeag práis feictear faoi mhuineál capaill go minc. Leigeas liúgh asam, liúgh millteach feargach, acht gur ar an bhfear beag buidhe a leigeas an liúgh. Nuair a leigeas an liúgh úd, dhearc mo dhuine orm, mar ní hé sin an liúgh a chleacht­uigheas roimhe seo. Níor cheap sé go raibh sé ionnam liúgh de’n tsaghas agus an ghráin agus an t‑olc ag baint na sál dhá chéile ’mo shúilibh agus ’mo ghruaidh dhaithte, ní raibh aon fhear i nGallimh chomh sásta leis. Thosuigh air mar bhéadh sé ag nighe a lámh i n‑aer, agus ag meangadh gáiridhe.

Sin bealach a bhí leis nuair a bhíodh sé an-tsásta in ’intinn.

Chuimhnigheas ar an bpiostal a cheann­uigheas an oidhche fad