ó Phortláirge go Luimneach. Aréir ’seadh shroicheamar Gaillimh, an áit ar rugadh mé.
Bíonn mór-shiubhal againn i ngach baile, an chéad lá, ionnus go mbeidh fhios ag an bpobal go bhfuil an fear buidhe agus a thaisbeántas ar fagháil. Bím féin ’san mór-shiubhal úd i gcomhnuidhe. Táim ’sa láthair indiu ar shráideannaibh na Gaillimhe. Mé ’mo shuidhe i n‑áirde ar charbad. Slabhra mór práis faoi mo mhuineál agus é i bhfastódh i n‑íochtar an charbaid. Ceann eile faoi mo chom. Gruaig fhada dhubh ag tuitim anuas ar mo ghuailnibh. An ghruaig úd i n‑aimhréidh ’n‑a slámannaibh móra ionnus go bhfoluigheann sí m’ éadan nuair a bhainim crathadh asam féin. Acht tá m’ éadan chomh bhreágh daithte sin is nach bhfuil cead agam a fholughadh. Craithim mo cheann arís le n‑a réidhteach, agus nuair a chraithim, déanann na slabhraí móra práis torann mór. Tá orm annsin sgread a leigint—an sgread a leigeas an oidhche úd a bhíos ag dul amudha ’san gceó. Annsin tosuigheann lucht na bhfuip (atá timcheall orm feadh an achair) dhom’ lasgadh le fuipeannaibh fada cruadha! Druideann na daoine amach uatha agus eagla orra. Acht dá mbéadh fhios aca é! ní’l san sgread, agus ’sna slabhraibh agus ’sna fuipeannaibh fada cruadha acht cuid de chleasaidheacht an fhir bhig bhuidhe leis na daoine a mhealladh isteach chuige tráthnóna….
Agus sin é an bealach ar chéad-thaisdealas sráideanna na Gaillimhe, thar éis mé bheith imthighthe an oiread sin de bhliadhantaibh. Ní mar síltear déantar.
Feicim cuid mhaith de mo lucht aitheantais ar na sráidibh. Ní aithnigheann siad mé. Cé’n chaoi a n‑aithneóchadh agus an bhail atá orm? Dá mbéadh aon cheapadh agam go n‑aithneóchadh, ar ndóigh, ní leigfeadh náire dhom a theacht…. Téighim thar an teach ’n‑ar rugadh mé. Cé atá ’n‑a chomhnuidhe ann anois? Nach cuma dhom? Ni chomhnóchad-sa ann arís choidhche. ’Sé an bealach atá le dul againn, an