Page:Deoraidheacht (1920).pdf/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
27
DEORIADHEACHT

Níor fhanas féin i bhfad ’n‑a dhiaidh. D’fhágas slán agus beannacht ag an mnaoi mhóir ruaidh, agus ghluais liom ’san gcathaoir bhig tugadh dom ’san teach lóistín.

Bhí an ceó go millteach. A leithéid de cheó níor facthas ariamh ná ó shoin ’san gcathair. Ní bhéadh aon ghoir ag duine an bealach a dhéanamh abhaile.

Cheapas i dtosach, agus mé ag imtheacht liom ’san gcathaoir bhig, go mba mhór an bheann­acht ó Dhia é gur casadh an geócach liom. Ní bhéadh orm gadaidh­eacht a dhéanamh mar bhí ceaptha agam nuair d’fhágas an teach. Bhíos ó bhaoghal an ocrais agus an ghabh­atair. Bhí trí phunnt ’san tseacht­mhain de theacht-isteach agam. Trí phunnt ’san tseacht­mhain! Ba mhór an t‑airgead é. Is mé bhí go sásta.

Acht tháinic brón mór ar mo chroidhe ’n‑a dhiaidh sin. De réir a chéile bhí an brón ag teacht orm. Níor fhéadas a dhíbirt. Nár dhíolas mé féin ar trí phunnt ’san tseacht­mhain? Nach ndeárnas iongantas agus uathbhás agus feic saoghalta dhíom féin? Dá mbéadh fhios ag mo mhuintir agus mo cháirde gaoil é, nach aca bhéadh an droch-mheas orm? Go ndéanfadh duine de mo shloinn­eadh-sa gníomh mar é—go mbéadh sé ’n‑a stáicín mhagaidh ag an bpobal uile, agus go ndéanfadh sé ar airgead é! Céard déarfaí i nGaillimh? Sin í an cheist a chuireas orm féin, agus nach minic a chuir deóraidhe bocht fáin ceist dá saghas air féin agus é i bhfad ó n‑a bhaile dhúth­chais? Bhí droch-mheas agam orm féin. Bhíos leamh dhíom féin. D’imthigh an náire. Tháinic an fhearg. Bhí buile orm. Bhíos le mire. Na daoine a bhí ag siubhal an chasáin, thiom­áininn an chathaoir ’n‑a mullach i n‑aon turas. Deirinn leó gur shíleadar mé a leagadh—mé féin agus mo chathaoir bheag. Agus nuair a thos­uighidís ag gabháil a leith-sgéil, thos­uighinn ag easgaine orra, agus ag tabhairt na mionn. Chuir seo an-áthas orm. Uathbhás agus feic saoghalta a bhí ionnam anois, agus ’tuige nach mbéadh cead ag a leithéid sin dedhuine a rogha rud a rádh?