Page:Deoraidheacht (1920).pdf/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
26
Deoraidheacht

VI.

Nuair a bhí an comhrádh a bhí ar siubhal ag an bhfear beag buidhe agus ag an mair­néalach críoch­nuighthe, siúd faoi mo dhéin iad. Bhuail an fear beag buidhe faoi ar an stól lem’ ais. Déarfá go raibh sé lán-tsásta leis féin agus leis an saoghal.

“A’ dtiocfá i n‑éindigh liom-sa?” ar seisean liom.

“Cá mbéinn a’ dul?” arsa mise.

“Ceal nach n‑aith­nigheann tú mé?”

“Cé thú?”

D’innis sé sin dom. Geócach a bhí ann a bhíodh ag siubhal na tíre. Bhí tais­beántas aige agus lear maith iongantas agus uathbhás agus beith­idheach allta agus eile ann. I nÉirinn is mó bhíodh sé acht gur minic thug sé cuairt ar Lonndain le daoine fhagháil le dhul leis. Dá mbéadh an duine feil­eamhnach ann, bhéadh páidhe mhaith le fagháil aige.

“Céard a bhéadh le fhagháil agam-sa?” arsa mise.

“Deich is dá fhichead ’san tseacht­mhain,” agus do dhearc sé go géar orm.

Ba mhór an lear airgid é, cheapas, acht nár dhubhras sin leis?

“Trí phunnt,” arsa mise.

Thosuigh sé ag innseacht dom nach mbéadh aon cheó le déanamh agam acht mo leath-chos a bhrúghadh isteach fúm ionnus nach bhfeicfí í; gruaig fhada dhubh a chur orm; dath gránna a chur ar mo ghruaidh; cúpla sgread a leigint anois agus arís, le uathbhás a chur ar an bpobal nuair a thioc­faidís le féachaint orm.

“Trí phunnt,” arsa mise an ath-uair.

“Bíodh sé ’n‑a mhargadh,” ar seisean, agus shín sé roinnt airgid chugam.

Gheallas dó bheith roimhe ar an deich a chlog maidin lá ’r n‑a bhárach; d’ fhág sé slán agam, agus d’imthigh leis.