Page:Deoraidheacht (1920).pdf/124

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
124
Deoraidheacht

“Mo náire thú! mo náire thú!” arsa mise leis an Mnaoi Mhóir Ruaidh.

“Éirigh,” ar sise leis an mnaoi a bhí ’n‑a suidhe ar an urlár, “éirigh, adeirim leat, nó.…”

D’éirigh sí.

“Gabh anonn annsin agus fan thall ’san áit ar chuireas thú. Má chorr­uigheann tú―”

Chuaidh an Bhean Reamhar anonn. Thug an bhean eile aghaidh orm-sa.

“Is beag a bheireadh orm,” ar sise, “an íde chéadna thabhairt ort-sa. Marach an bhail atá ort,” ar sise, “bí cinnte nach rachthá saor. Go ndéanfadh mac t’athar is do mháthar a leithéid! go bpósfadh sé inghean an gheócaigh! go bpósfadh sé í síud! féach uirri! féach uirri!”

“Nach bhfuil cead agam mo rogha dhuine a phósadh?” arsa mise le baint aisti.

“Ó tá, tá,” ar sise go sgigeamhail.

D’osgail an Bhean Reamhar a béal le labhairt. D’fhéach an bhean eile uirri. D’fhan an béal ar osgailt. Bhí lucht na gcártaí ag canadh amhrán. Bhí na páisdí ag déanamh grinn dhóibh féin ar an tsráid; An Casúr ag díos­bóireacht ag an doras; mé féin agus an bheirt bhan ag achrann ’san seómra, má’s ag achrann a bhíos féin, acht níor bh’ eadh acht ag déanamh grinn dhom féin. Beirt bhan i n‑éadan a chéile i ngeall orm! I ngeall ar dhuine dhem’ shórt-sa! Agus an bheirt úd! Cé cheapfadh ar an Mnaoi Mhóir Ruaidh é! Cé cheapfadh nach gean máthardha thug sí dhom? Acht níor bh’ eadh! Dá mb’eadh, an mbéadh cuthach uirri nuair a shíl sí go rabhas féin leis an mnaoi eile a phósadh? Bhí sí éadmhar. Leigeas orm féin go raibh mé an-ghean­amhail leis an Mnaoi Reamhair; cheapfá orm go mba ghile liom í ná a rugadh ariamh de mhnáibh. Ba dhóigh léithi-se go raibh mé i ndáríribh, agus má bhí sí faiteach féin, bhí ríméad an domhain uirri nach raibh ag éirghe leis an Mnaoi Mhóir