Page:Deoraidheacht (1920).pdf/123

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
123
Deoraidheacht

roimpi. Dá mbéinn leis an Mnaoi Reamhair a phósadh féin, cé’n gnótha bhí aici-se a chur eadrainn? Cé’n bhaint a bhí aici leis an sgéal? Nach raibh cead agam a pósadh dá dtog­róchainn é? Acht b’fhéidir go bhfuil grádh ag an Mnaoi Mhóir Ruaidh féin dhom.…

Labhair sí arís.

“Gabh i leith annseo, a chuid,” ar sise leis an mnaoi eile, “agus tabhair póg dó.”

Chuir an Bhean Reamhar cor dhi. Do cheapfá gur biorán a sáitheadh ’n‑a ceath­ramhain. Níor éirigh sí.

“Nach tú tá cúthalach?” ars’ an Bhean Mhór Ruadh go magamhail, “nach bhfuil sean-aithne agam-sa oraibh beirt?”

Níor chorruigh an bhean eile. Bhí sí i riocht a dhul i laige.

“Féachfaidh mise amach thríd an bhfuinneóig,” ars’ an Bhean Ruadh, “nós nach bhfeic­fidh mé chor ar bith sibh. ’Nois.”

Chuaidh sí chuig an bhfuinneóig, agus do dhearc amach. Grádh bhí aici dhom go cinnte, agus bhí sí éadmhar go raibh an bhean eile le mé fhagháil. Cheapas greann a bhaint aisti.

“Gabh i leith annseo,” arsa mise leis an mnaoi eile, “agus suidh lem’ ais.”

“Déan,” ars’ an bhean a bhí ag an bhfuin­neóig gan féachaint orainn.

D’éirigh an Bhean Reamhar agus tháinic sí chugam go mall.

Shuidh sí ar chathaoir le mo thaoibh.

“Tabhair póg dom anois, a chuisle,” arsa mise, “aon phóg amháin.”

Bhí an bhean a bhí ag an bhfuinneóig ar buile. Chon­naiceas a dhá dorn dúnta aici, acht nach í féin adubhairt liom a pógadh?

“Aon phóg amháin, a chuid,” arsa mise chomh lághach is d’fhéadas é. Bhí eagla orm go bpléasg­fainn ag gáiridhe. Cheap an Bhean Reamhar go rabhas i ndáríribh. Chrom sí ós mo chionn. Thug sí an phóg dom, acht má thug, thug an bhean eile leadóg faoi’n gcluais dhi a leag ar an urlár í.