Page:Bás Dhalláin agus Tadhg Saor - Ua Laoghaire.pdf/8

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

2

Dallán.—Ní’l níḋ ar biṫ ag ríġ Oirgialla, lasmuiċ dá ḟlaiṫeas, ná taḃarfaḋ sé ḋóṁsa dá n-iarainn air é. Aċt tá a ḟios agamsa, a ríġ, go ḃfuil formad agus imreasán idir ṫusa agus Aoḋ mac Duaċ. Aon níḋ fóġanta dá ndéinean ríġ agaiḃ ní foláir leis an ríġ eile níḋ is fearr ’ná é do ḋéanaṁ.

Aoḋ F.—Tá go maiṫ. Cad ’na ṫaoḃ, má seaḋ, ná déinean Aoḋ mac Duaċ beart ċóṁ maiṫ ḋuitse agus ḋeinimse ḋuit?

Dallán.—Cad í an ḃeart?

Aoḋ F.—An níḋ d’iarfá air é ṫaḃairt duit.

Dallán.—Cad tá aige ná taḃarfaḋ sé dom?

Aoḋ F.—Tá sgiaṫ aige gurab ainim di Duḃġiolla agus tá buaḋa móra uirṫi. Ní féidir do naṁaid seasaṁ i gcaṫ ’na h-aġaiḋ. Tuitean a lug ar a lag ag an naṁaid a ċíon í i gcaṫ. Nuair a ḃíon sí ar iomċur ag Aoḋ mac Duaċ féin, is cuma cad é líon a naṁad, nuair a ċíd siad ag teaċt ċúċa í iompuiġid agus teiṫid. Is leis an sgéiṫ sin a ċosnan Aoḋ mac Duaċ críoċa Oirgialla, agus dá n-iarṫá-sa air í ní ṫaḃarfaḋ sé ḋuit í.

Dallán.—Ó, níor ċeart d’aoinne an sgiaṫ sin d’iaraiḋ. Aċt dá n-iarainn-se í do ġeaḃainn í.

Aoḋ F.—Ṫaḃarfinn-se do ṫuarasdal go maiṫ ḋuit aċt dul agus an sgiaṫ sin d’iaraiḋ ar Aoḋ mac Duaċ. Ṫaḃarfinn céad bó ḋuit agus céad eaċ agus céad caora agus céad muc.

Dallán.—Tá go maiṫ. Raċad-sa a d’iaraiḋ na sgéiṫe agus muna dtugtar dom í aorfad ríġ Oirgialla.

[Imṫiġeas Dallán.]

Aoḋ F.—Seaḋ! Siné Eoċaiḋ Éigeas agaiḃ! Siné Dallán Forgail agaiḃ! Siné an ríġ olaṁ go ḃfuil an onóir go léir dó i n-Albain agus i Sasana agus i mBreatain agus ṫall sa ḃFrainc. As a adṁáil féin ní h-eaċuinge fír-ḋuine an sgiaṫ d’iaraiḋ ar Aoḋ mac Duaċ, agus sin é imiġṫe a d’iaraiḋ na sgéiṫe é. O! cad é mar ṡaoġal! Is olc an gnó atá agam ḋá ḋéanaṁ ’ġá ċoṫúġaḋ agus ag coṫuġaḋ an ġraiṫin atá le n-a sálaiḃ. Aċt cad ’tá le déanaṁ agam? Tá a ḃfuil san tsaoġal agam iṫte ólta acu. Tá an Ḃreifne creaċta acu. Agus má abraim focal ’na gcoinniḃ imṫeóċaiḋ siad agus aorfiḋ siad mé i láṫair ríġ Oirgialla! Is truaġ an sgéal é.

[Imṫiġeas.]


AN DARA RAḊARC.

Faiċe ar aġaiḋ dúna ríġ Oirgialla. Tig ó ṫaoḃ, Dallán agus a ṫrí naonḃúir. Ó’n dtaoḃ eile, Aoḋ mac Duaċ Duiḃ, ríġ Oirgialla agus a ṁuíntir.

Aoḋ D.—Míle fáilte róṁat! a ríġ olaṁ. (Ag taḃairt trí póga ḋó.) Seó, a ṁuintir. Tógaiḋ Dallán uasal ar ḃur nguailliḃ agus tugaiḋ liḃ isteaċ é, agus tugaiḋ isteaċ a trí naonḃúir, agus a mná agus a gcoin agus a ngiollaí. Curtar sa