Page:Bás Dhalláin agus Tadhg Saor - Ua Laoghaire.pdf/7

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

BÁS ḊALLÁIN.


Dráma aoin-ġníṁ.


An ḟuirean.

Dallán, ríġ éigeas. Donn giollaí le ríġ Oirgialla.
Aoḋ Fionn, ríġ Breifne Cas
Aoḋ Mac Duaċ Duiḃ, ríġ Oirgialla.
Seanċán Sean-ḟile. Méiḃ beird ċailíní.
Muirean ní Ċúáin,[1] bean Ḋalláin. Bríġid

An ċliar uile.


AN ĊÉAD RAḊARC.

Tig an óil i bpálás Aoḋ Ḟínn, Ríġ Breifne.

Aoḋ Fionn, agus Dallán agus é ar láiṁ ag giolla.

Aoḋ F.—Is mór an onóir agus an uraim agus an faḃar atá fáġalta agat-sa uaimse, a Ḋalláin.

Dallán.—Ní h-iongna san, a ríġ. Is mór m’ onóir ó ríġṫiḃ móra, ní h-i n-Éirinn aṁáin aċt i ndúṫaíḃ íosaċta. Tá onóir agus uraim dom i n-Albain. Tá onóir agus uraim dom i Sasana. Tá onóir agus uraim dom i mBreatain. Tá, agus sa ḃFrainc. Tá olaṁ uasal am ḟoċair ó gaċ críċ díoḃ san. Is onóir leó ḃeiṫ am ḟoċair. Is clana riġṫe iad aċt is mó an uaisleaċt leó ḃeiṫ am ḟoċair-se ’ná ḃeiṫ ’na gclanaiḃ riġṫe.

Aoḋ F.—’Na ċoinniḃ sin ṫall, tá buaiḋte agamsa orṫa go léir. Is mó a ṫugaimse ḋuit ’ná ṫugan aon ríġ ná aon róḟlaiṫ eile ḋuit. Nuair a ṫeiḋean tusa ar ċuaird olaṁnaċta, aḃfad ó ḃaile, i gcríoċaiḃ ciana coíṁṫeaċa, bímse ad ḋiaig anso agus bíon mo ṡúil i ndiaig do ċoda agus i ndiaig do ṁaoíne. Nuair a ċím bó i n-easnaṁ ar do ċuid stuic cuirim bó uaim féin ’na h-inead, agus nuair a ċím caora imiġṫe uait cuirim caora ’na h-inead, agus nuair a ḃíon pingin i n-easnaṁ ort cuirim pingin ’na h-inead, ionus go ḃfaiġfá-sa, ar do ṫeaċt aḃaile ḋuit, do ċuid agus do ṁaoín agus do ṡaiḋḃreas ċóṁ h-iomlán agus d’ḟágais iad ag imṫeaċt duit.

Dallán.—Cad ċuige an ċaint sin, a ríġ?

Aoḋ F.—Ċuige seo, a Ḋalláin. Má tá ríġ cúige eile a ṁeasan go ḃfuil sé ċóṁ maiṫ ḋuit agus atáimse, ba ċeart dó déanaṁ mar a ḋeinimse agus gaċ níḋ do iarfá air a ṫaḃairt duit.

Dallán.—Ní’l árdríġ ná ríġ cúige i n-Éirinn ná taḃarfaḋ dóṁsa an níḋ d’iarfainn air.

Aoḋ F.—Ambriaṫar go ḃfuil dearṁad ort, a ríġ-olaṁ.

Dallán.—Cia h-é an ríġ ná taḃarfaḋ?

Aoḋ F.—Aoḋ mac Duaċ Duiḃ, ríġ Oirgialla.


  1. In the name Cúán both vowels are long.