Page:Bás Dhalláin agus Tadhg Saor - Ua Laoghaire.pdf/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

14

[Sgaoíleas an duine uasal leis ar feaḋ tamail. Ansan díríġean se ar ḟoṫram do ḋéanaṁ. Ar ball euluíġean sé lastiar de Ṫaḋg agus cuirean sé an fiċe púnt ċuige. Ansan osgalan sé bosca anso agus cupúrd ansúd—ag déanaṁ foṫraim mar ḋ’eaḋ,—aċt nuair ċíon sé aon níd fóġanta, éadtrom, cuirean sé ċuige é. Fé ḋeire imṫíġean sé amaċ agus dúnan sé an dorus ’na ḋiaiḋ, le foṫram mór.]


AN CÚIGṀAḊ NOĊTAḊ.


An siopa.

Bean Ṫaiḋg sa tsiopa, laistig de’n ċúntar. An duine uasal iasaċta lasmuiċ de’n ċúntar.

D. I.—Deirim leat go ḃfuil eagal orm go ḃfuil droċ níḋ éigin air!

B. T.—Ḋe, cad a ḃéaḋ air aċt gur dóċa gur ólḃúir araon breis a’s ḃúr ndóiṫin de’n ḃiotáile!

D. I.—Níor ólamair oiread san de. Ní’l aon ṁeisge ormsa, mar a ċían tú, agus níor ól seisean aċt gaċ ’re ndig liom. Níor baineaḋ a leiṫéid de ġeit riaṁ asam! Tá sé ṫuas ar aġaiḋ an ċluig amaċ agus caint éigin ġreanṁar ar siúḃal aige. Tá sé ’ġá ċasaḋ le cailig éigin gur ṁairḃ sí é. Níor airíġeas a leiṫéid de ċaint riaṁ ar siúḃal ag aoinne agus é ’na ṁeaḃair ṡaoġalta. Ba ṁaiṫ liom go raġfá suas.

[Siúd suas í. Ní’l sí aḃfad ṫuas nuair a h-airiġtear an liú aici d’á ċur aisti go truaġ-ṁéileaċ. Siúd suas na diaiḋ a ḃfuil de ċailíníḃ agus de ḃuaċailíḃ sa tig. Siúd an duine uasal ag cuardaċ agus ag cur ċuige.]


AN SÉṀAḊ NOĊTAḊ.


Tig Ṫaiḋg.

[Taḋg díreaċ mar a raiḃ sé agus a ṗort ar siúḃal aige. É ag suaṫaḋ a ċínn go breaġ réiḋ, ag freagairt do luasgaḋ an tromáin. Bean an tíġe sínte ar an úrlár i laige. Duine de na cailíníḃ, Nóra, ar a glúiniḃ, i n-aice na mná, a d’iaraiḋ í ṫaḃairt tar n-ais. Na buaċailí ag féuċaint ar Ṫaḋg agus ná feadair siad cad is maiṫ dóiḃ a ḋéanaṁ. Dá ṡúil Ṫaiḋg ar an gclog agus a ṗort aige dá ṡeint, gan suím i n-aon rud aige.]

Nóra.—Greada ċugaiḃ, a ṗaca amadán! An ḃfuil aon ṁeaḃair ag aoinne agaiḃ? Preabaḋ duine agaiḃ láiṫreaċ a d’iaraiḋ an tsagairt agus duine eile agaiḃ a d’iaraiḋ an doċtúra!

[Siúd amaċ iad go léir. I gceann tamail seo isteaċ an sagart.]

Sag. [d’éis tamail do ṫaḃairt ag féuċaint ar Ṫaḋg agus ag éisteaċt leis an bport].—Cad é seo ort, a Ṫaiḋg?

T.—“Anonn—’s anall,” ⁊c., ⁊c.

Sag.—An fada atá sé ar an gcuma san?

Nóra.—Ní ḟeadar, a Aṫair. Ḃí duine uasal iasaċta anso ’na ṫeanta, agus níor airíġeas blúire go dtí gur ṫáinig Bean