Page:Bás Dhalláin agus Tadhg Saor - Ua Laoghaire.pdf/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

13

ná go ḃféadfinn é ḋéanaṁ. Ḃí an tromán ag suaṫaḋ ċóṁ réiḋ díreaċ agus atá an tromán san. Aċt do cuireaḋ an geall, ċúig ṗúint an duine againn. Ṡocaruíġeas mé féin i gcaṫaoír ar aġaiḋ an ċluig amaċ agus ċromas ar ċóṁreaṁ—

“Anonn —— ’s anall
A’s tríd —— an aḃainn
A Ċaileaċ —— a ṁarḃaís mé!
A Ċaileaċ —— a ṁarḃaís mé!”

Uair an ċluig a ḃí orm an cóṁreaṁ do ċoimeád ar siuḃal agus gan aon ċor do’n tromán do leigint uaim. Geallaim duit ná raiḃ céad luasgaḋ cóṁriġṫe agam nuair a ṡleaṁnuig luasgaḋ uaim os cóṁair mo ṡúl! Ní ḟeadar an tsaoġal cad d’imṫig orm. Geallaim go raiḃ maga fúm i dteanta an airgid do ḃeiṫ ċailte agam. Ṫrialas go minic ó ṡin é agus dá mbeinn ḋá uair a’ċluig ag cóṁreaṁ ní ṡleaṁnóċ’ aon luasgaḋ uaim. Níor ċuir aon rud riaṁ a leiṫéid d’iongna orm.

T.—Ní ḟeadarsa leis cad d’imṫig ort. Ní ḟeicim aon ġníoṁ ann ná féadfaḋ aoinne ḋéanaṁ go mbéaḋ aon ċruinneas i n-aon ċor ann.

D. I.—Siné díreaċ a ċeapas féin sul ar ċuireas an geall.

T.—Cuirfiḋ mé geall leat go ndéanfad féin anois é.

D. I.—Ó, ambasa ní ċuirfinn.

T.—Cad ’na ṫaoḃ? An aṁlaiḋ a ḃéaḋ díombáḋ ort a ráḋ go ndéanfinnse an rud a ṫeip ort féin?

D. I.—Ní h-é sin é, aċt ḃéaḋ sé ċóṁ maiṫ agam mo láṁ do ċur isteaċ ad ṗóca agus do ċuid airgid go ġuid uait. Ní ḃéaḋ aon ḃreiṫ agat ar é ḋéanaṁ nuair a ḃéaḋ an geall ṫíos.

T.—Cuirfiḋ mé deiċ púint leat go ndéanfad é.

D. I.—Ní maiṫ liom do ċuid airgid do ṫógaint.

T.—Má ṫeipean orm ní mór liom duit é. Seo. Cuir do ḋeiċ púint ansan ar an mbórd i dteanta mo ḋeiċ bpúnt-sa.

D. I.—Seo, má ’seaḋ, bíoḋ agat. Beaṫa ḋuine a ṫoil. Ḃí sé sa ṁargaḋ am aġaiḋ-se go bféadfaḋ an fear eile foṫram do ḋéanaṁ ar fuid an tiġe, ċum mearḃail do ċur orm, aċt ná bainfaḋ sé le m’beul.

T.—Tá go maiṫ. Déin-se do róġa fotram aċt gan baint le m’beul-sa.

[Socaruíġeas Taḋg é féin i gcaṫaoír ar aġaiḋ an ċluig amaċ.]

Tá an clog anois díreaċ ag déanaṁ ar ḃualaḋ. Ċóṁ luaṫ agus ḃéiḋ buailte aige tosnóċad. Nuair a ḃuailfiḋ sé airís béiḋ an uair a’ ċluig caiṫte agus is liomsa an t-airgead.

D. I.—Tá go maiṫ.

[Buailean an clog agus luíġean Taḋg ar a ṗort.]

T.—

“Anonn—’s anall
A’s tríd—an aḃainn," ⁊c., ⁊c.