Page:Bás Dhalláin agus Tadhg Saor - Ua Laoghaire.pdf/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

12

anso go lá agus ansan d’ḟéadfimís araon bualaḋ siar ar ár socaraċt, ar maidin.

D. I.—B’ḟéidir an ceart do ḃeiṫ agat. Aċt is deacair liom ḃeiṫ ag déanaṁ ceataíġe ḋuitse agus do d’ ṁuíntir ṫíġe.

T.—Ná bíoḋ ceisd ort. [Go h-árd.] A Nóra!

Nóra.—Teaċt!

[Tig Nóra.]

T.—Córuíġṫear an rúm láir do’n duine uasal so. Fanfiḋ sé go lá. Faġaiḋ rud le n-iṫe ḋúinn. Caṫain a ḃeiḋ dínnéir olaṁ agat dúinn?

Nóra.—Ċoṁ luaṫ agus is féidir é.

T.—Téanam, a ḋuine uasail, agus taisbeánfad an t-sráid duit.

[Imṫiġid.]

Nóra.—Aililiú! dínnér olaṁ,—duine uasal iasaċta,—an rúm láir,—fanfiḋ sé go lá.—Obair seaċtṁaine i n-aon leaṫ-uair a’ċluig aṁáin! Gurab é an mac malaċtain a ḃéarfiḋ na h-uaisle leis!

[Imṫiġeas.]


AN CEAṪRAṀAḊ NOĊTAḊ.

Tig Ṫaiḋg.

[Taḋg agus an duine uasal iasaċta ’na suiġe ag bórd. Buidéil ’na n-aice, agus glainí. Iad ag imirt ċártaí. Stadas an D. I. ag feuċaint suas ar an gclog.]

T.—Cómáin leat! Cad a ċíon tu sa ċlog san?

D. I.—Cuirean sé i gcuíṁne ḋom rud greanṁar a imṫig orm tá suím bliaġanta ó ṡin ann. Clog mar é sin díreaċ a ḃí ann. B’ḟéidir gurab é an clog céadna é! An fada atá sé agat?

T.—Tá sé ansan is dóċa le fiċe bliaġain.

D. I.—Ní h-é an clog céadna é mar sin.

T.—Agus cad iad na míorḃuiltí a ḋéin an clog a deirir-se?

D. I.—Ní raiḃ aon ṁíorḃuilt i n-aon ċor ann, aċt is maiṫ na ċúig ṗúint a ċaileas mar ġeall air.

T.—Agus conus a ċailis an t-airgead mar ġeall ar ċlog?

D. I.—Is aṁlaiḋ a dúḃairt duine éigin ná féadfinn an port beag so do ċoimeád ar siúḃal ar feaḋ uair a’ ċluig, ag freagairt do ṫromán an ċloig, mar seo, feuċ—

“Anonn ’s anall
A’s tríd an aḃainn
A Ċaileaċ, a ṁarḃaís mé!
A Ċaileaċ, a ṁarḃaís mé!”

Ċomáineas liom ar feaḋ tamail agus ċeapas ná raiḃ aon ḃaoġal