Page:Bás Dhalláin agus Tadhg Saor - Ua Laoghaire.pdf/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
There was a problem when proofreading this page.

7

AN CÚIGṀAḊ RAḊ.

Toraṁ Ḋalláin. Muirean ní Ċúáin, .i. bean Dalláin. Seanċán, agus an ċliar uile.

Ba ċeart cóṁra[1] nó níḋ éigin dá ṡórd, do ḃeiṫ ar an árdán[2].

Cáċ.—Cé ċeapfar anois mar olaṁ againn i n-inead Ḋalláin?

Muirean.—An uair ḋéanaċ a ċuaḃúir-se ar ċuaird olaṁ- naċta i n-Albain, d’ḟiafruiġeas-sa de Ḋallán, an uair a ġeaḃaḋ sé féin bás, cia ḋé go ndéanfí olaṁ i n-inead. Duḃairt sé ’gam’ ḟreagra, má ḃí fear sa doṁan a ċuirfaḋ rann i n-inead an raínn nó focal i n-inead an ḟocail dó féin gur ḃ’ é Seanċán Seanḟile an fear san.

Cáċ.—Déintear olaṁ de Ṡeanċán againn má ’seaḋ. Is tú ár n-olaṁ, a Ṡeanċáin, d’aon toil agus d’aon ḟocal, agus d’aon ġníoṁ!

Seanċán.—A ḃuime na cléire agus a ċliar uasal! Is mór an onóir í seó atá taḃarṫa agaiḃ dom, aċt is trom an t-ualaċ atá curṫa agaiḃ orm. Tá an t-ualaċ san anuas orm agus is deacair é ḋ’iomċur. Tá sé ag brúṫ orm ó gaċ taoḃ agus is deacair an brúṫ do ṡeasaṁ. An t-ualaċ a ḃí éadtrom go leór ortsa, a ríġ olaṁ, is ualaċ trom ormsa é. Ba ṁó do neart ’ná neart ár dtrí gcaoġad. Ba ṁó t’eólus ’ná eólus ár dtrí gcaoġad. Ba ġéire t’íntleaċt ’ná íntleaċt ár dtrí gcaoġad. Is duine de ’n trí ċaoġad mise. Cá ḃfaiġead-sa neart agus eólus agus íntleaċt ċum do ṡaoṫairse do ċur ċum cínn!

Ba ċuma guṫ a ḃéil nó buinne[3] Easa Ruaiḋ. Ḃí ciall a ċainte mar an splanc, solusṁar. Do ġluais féiṫ na filíḋeaċta aige mar ṫuile cuain. Dá ṁéid ár ḃfoġluim ní raiḃ lá nár ṫug sé foġluim nua ḋúinn. Dá ṁéid ár n-eólus ní raiḃ lá nár ċuir sé ár n-eólus i méid duinn. Is iomḋa ceisd ċruaiḋ a cuireaḋ ċuige ó n-a ṫrí caoġad olaṁ. Níor leig sé ceisd díoḃ uaiḋ gan réiḋteaċ. Agus is mó an t-eólus a ṫugaḋ sé uaiḋ sa réiḋ- teaċ ’ná mar a h-iartí air sa ċeisd. Go sgaraiḋ solus le gréin, grian le spéir, agus spéir le rannaiḃ[4] ní feicfar ar éigsiḃ Fáil ríġ olaṁ mar an t-é atá ar lár anso againn anoċt. Ríġ na ḃfeart go dtugaiḋ sólás síoraíḋe ḋó, tré ímpíḋe Ċoluim Cille ar ar naisg sé a ċomairc. Amen!

Cáċ.—Amen! Amen a Ṫiġearna!

(Brat anuas.)

CRÍOĊ.


  1. A coffin.
  2. [illegible] can find no better word for “stage.” It means “any elevated ground,” especially “an elevated platform to stand on in order to speak to people.” If the [illegible] had been looked for in Irish before the word “stage” came to be heard of in [illegible]sh “árdán” would have been the word which people’s minds would naturally [illegible]pon.
  3. Volume of sound.
  4. Constellations.