Page:Bás Dhalláin agus Tadhg Saor - Ua Laoghaire.pdf/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

5

AN TRÍṀAḊ RAḊARC.

Dallán agus a ṁuíntir agus Seanċán Seanḟile ar slíġ.

Dallán.—Stadaig, a ṁuíntir. Tá níḋ ionġantaċ agam le ráḋ liḃ. Is minic airíġeas d’á ráḋ ag luċt sgéaluíġeaċta, an t-é ḋéanfaḋ aoír éugcórṫa gur ḋó ba ṁeasa. Ní dóiċ liom gur ḋéin aoinne riaṁ aoírṫa níos éugcórṫa ’ná na h-aoírṫa a ḋéineas féin, agus i n-inead díoġḃála do ṫeaċt orm dá mbárr is aṁlaiḋ atá maiṫeas mór tagaiṫe orm. Ḃíos gan leus raḋairce am ṡúiliḃ ag teaċt ar an mbaile seo ḋom agus tá ḋá ṡúil ġlé ġlana anois agam.

Seanċán.—A ríġ olaṁ, is mór agus is maiṫ an sgéal é sin, aċt is deacair é ċreideaṁaint.

Dallán.—Is fíor é, áṁ.

Seanċán.—Má’s fíor inis dúinn ár n-eagar sa tslíġ, róṁat agus ad ḋiaig.

Dallán (tar éis feuċaint ’na ṫímpal).—Táid ḋá naonḃúr róṁam agus a naoí am ḋiaig.

Cáċ.—Is fíor sin, a ríġ olaṁ.

Dallán.—Aċt fan go fóil. B’ḟéidir ná fuil an sgéal ċóṁ maiṫ agam agus ċeapas. Do ċuireas mé féin fé ċomairce Ċoluim Cille, tá tamal mór ó sin, agus d’iaras air, nuair a ḃéaḋ mo ḃás ag druidim liom, cóṁarṫa éagsaṁlaċ éigin do ṫaḃairt dom air. Conus ḟéadfaḋ cóṁarṫa ḃeiṫ níos iongantaíġe ’ná an cóṁarṫa atá fáġalta anois agam, mé dall ag teaċt anso agus raḋarc mo ḋá ṡúl anois agam! Beirtar ċum mo ṫíġe féin láiṫreaċ mé.

[Imṫiġid.]

AN CEAṪRṀAḊ RAḊARC.

Seomra mór agus cailín .i. Méiḃ, ann agus éudaċ ’n-a láiṁ aici agus í ag baint an ċeoiḋ de’n triosgán agus port aḃráin ar siúḃal aici.

Méiḃ.—

Ar a ḃogaḋ ’s ar a ḃonn,
Ar a ḃogaḋ ’s ar a ḃonn,
Ar a ḃogaḋ ’s ar a ḃonn,
Go Cíll Áirne.

An maidirín ruaḋ
’N-a luíġe sa luaċair
A’s bár’ a ḋá ċluas
Anáirde.

[Tig cailín eile, .i. Briġid.]

Briġid.—Cad é seo ar siúḃal anois agat, a Ṁéiḃ?

Méiḃ.—Ḋe leig dom féin, a Ḃriġid. Táim marḃ glan. Beiḋ an tromḋáiṁ[1] anso láiṫreaċ agus marḃóċaiḋ Muirean mé má ċíon sí aon ḃlúire ceóiḋ ar an dtriosgán so. Ní ḟeacaís riaṁ aċt an tsúil atá aici. Do ċíḋfaḋ sí ceó sa n-áit ná feic- faḋ cat luċ.

Br.—Agus cad ċuige go ḃfuil an tromḋáiṁ ag teaċt anso anois?


  1. The body of bards.