Page:Bás Dhalláin agus Tadhg Saor - Ua Laoghaire.pdf/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

4

Aoḋ mac Duaċ Duiḃ,
Aruag air na raiḃ,
A ḃraġna cuaċ caoin,
A laḃra lua loin.

Aoḋ D.—Cá ḃ’ ḟios dóṁsa ciacu aoír nó molaḋ atá agat d’á ḋéanaṁ?

Dallán.—Ní h-iongna fear t’ eóluis ’ġá raḋ san. Aċt sidí ciall mo ċainte. Tar éis na n-aor atá agam d’á ndéanaṁ ort anois ní ḃeiḋ cuíṁne ag aoís ealaḋan ar ṁaiṫ d’á ndeárnais riaṁ, aċt oiread agus bíon ag peata cuaiċe ar an oileaṁaint a ṫug an caḃcán uirṫi.

Aoḋ D.—Imṫig uaim, a Ḋalláin. Imṫig uaim. Dá luaṫaċt a ḃeiḋ tú as mo raḋarc iseaḋ is feara ḋuit é. Ní fios cad é an ḟaid d’ḟuillingeóċainn caint de’n tsórd san am ḟiaḋnuise. Is baoġal, muna ḃfuil cúis ċum m’aoirṫa agat, go dtaḃarfainn an ċúis duit. Ní h-iontaoíḃ mé nuair a déintear eugcóir orm.

Dallán.—Gaḃtar m’eiċ ḋom.

[Imṫíġid Dallán agus a ṁuíntir.]

Aoḋ D.—Féuċ air sin mar éugcóir! Mo sgiaṫ! Mo Ḋuḃġiolla do ṫaḃairt dó! Conus ċosnóċainn mé féin ansan ar Aoḋ Fionn! Aoḋ Fionn a ċuir suas é ċum na h-oibre seo. Tá go maiṫ, a Ḋalláin. Tá éugcóir déanta agat orm. Tá aoir níṁneaċ déanta agat orm. Cuirim Dia ’na ḋiaig ort!

[Imṫíġis. Fanaid beirt ġiollaí, .i. Cas agus Donn.]

Cas.—Cogar, a Ḋuínn. Ar ṫuigis an dán úd Ḋalláin?

Donn.—Níor ṫuigeas, a Ċais, an dán, agus níor ṫuigeas an míniúġaḋ aċt ċóṁ beag. Agus is lúġa a ṫuigeas an t-aoir ’ná mar ṫuigeas aon taoḃ acu. Is cuma liom ó tá Dallán agus a ṡloigisg imiġṫe. Ḃíos deiṁniġṫeaċ go mbéidís i gcóir na h-oiḋċe againn. Ḃeimís marḃ acu. Isiad an aicme is measa iad a ṫáinig isteaċ i dtig riaṁ. Tá Dallán féin olc a ḋóiṫin agus deacair do ṡásaṁ, aċt is measa an tsluaġ ’ná é. Is measa na mná ’ná na fir. Agus is measa na giollaí ’ná na mná. B’usa ḋuit go mór ríġ cúige do ċuir ċum suiġte ’ná an giolla is meirgíġe acu. Aċt is cuma liom ó táid siad imiġṫe.

Cas.—Is dóċa ná tiocfaiḋ siad go h-Oirgialla go bráṫ airís.

Donn.—Mo ċaṫúġaḋ é! a ndúḃairt Maṫúin leis an sprid.

Ar ġuṫ[1]—“Dá ḟaid aḃí an bóṫar ní dúḃairt sí liom suíġe,
Ná bain díot do ċlóca go n-ólam braon díġe.
’S isé dúḃairt na cóṁarsain nár ḃ’ ḟóġanta é mo ṡlíġ,
’S gan leabaiḋ ’na luíġfinn go lá ann.”

[Imṫiġid.]


  1. Sings.