Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

5

Gníoṁ Creidiṁ.

Ó, a Ṫiġearna, creidim gaċ uile níḋ a ċreidean agus a ċuinníġean ár naoṁ-ṁáṫair, an Eaglais Ċaitilicíḋe Róṁánaċ, agus go h-áiriġṫe gaċ uile níḋ atá ainimniġṫe i gCréiḋ na n-Aspol, de ḃríġ gur ḟoilsíġis féin dúinn iad. Creidim go spisialta i n-aon Dia aṁáin i dtrí bpearsanaiḃ, an t-Aṫair, an Mac, agus an Spioraid Naoṁ. Creidim gur ġlac an Mac, le h-oibriúġaḋ ó’n Spioraid Naoṁ, colan daona, i mbroínn na Maiġdine Muire; gur ḟuiling sé bás ar ċrann na croise ar ár son; gur eíriġ sé an treas lá ó ṁarḃaíḃ; go ndeaċaiḋ sé suas ar neaṁ; go dtiocfaiḋ as san i ndeire an tsaoġail ċum breiṫeaṁantais do ṫaḃairt ar gaċ n-aon do réir a n-oibreaċa; go dtaḃarfiḋ sé an ḃeaṫa ṡíoruíḋe mar luaċ saoṫair do na deaġ ḋaoine agus pianta síoruiḋe ifrinn do na droċ ḋaoíne.

Tá aigne ḋiongḃálta agam, le congnaṁ do naoṁ-ġrásta, maireaċtaint agus bás d’ḟáġail sa ċreideaṁ so.

Gníoṁ Dóċais.

Ó, a Ṫiġearna, tá mainġín agus dóċas láidir agam, tré d’ ṁór-ṫrócaire féin agus tré ṗáis agus bás ár Slánuiġṫeóra Íosa Críosd, go dtaḃarfiḋ tú grásta agus trócaire agus maiṫeaṁnaċas am ṗeacaíḋe ḋom ar an saoġal so agus an ḃeaṫa ṡíoraíḋe sa tsaoġal atá le teaċt, de ḃríġ gur ġeallais iad do na daoíniḃ a ċuirean a mainġín agus an dóċas go h-iomlán ionat, má ḋéinid deaġoibreaċa, níḋ a ġeallaimse ḋuit anois do ḋéanaṁ, le congnaṁ do naoṁ-ġrásta.