Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/7

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Na Paidreaċa Miona.

I n-Ainim an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Sprioraid Naoiṁ. Amen.

Ár n-Aṫair atá ar Neaṁ, go naoṁuíġṫear t’ainim; go dtagaiḋ do ríġeaċt; go ndéantar do ṫoil ar an dtalaṁ mar a déantar ar neaṁ. Ár n-arán laeṫeaṁail taḃair dúinn indiu; maiṫ ḋúinn ár gcionta mar ṁaiṫimídne do ċáċ a ċiontuíġean i n-ár n-aġaiḋ; agus ná leig sinn i gcaiṫíḃ, aċt saor sinn ó olc. Amen.

Go mbeanuiġṫear duit, a Ṁuire, lán de ġrástaiḃ. Tá an Tiġearna ad ḟoċair. Is beanuiġṫe ṫu idir ṁnáiḃ, agus is beanuiġṫe toraḋ do ḃroinne, Íosa.

A Naoṁ Ṁuire, a Ṁáṫair Dé, guiḋ orainne na peacaiġ, anois agus ar uair ár mbáis! Amen.

An Ċréiḋ.

Creidim i nDia, an t-Aṫair Uile-ċoṁaċtaċ, Cruṫuiġṫeóir neiṁe agus talṁan, agus i n-Íosa Críosd, a aon Ṁac san, ár dTiġearna, a gaḃaḋ ó’n Spioraid Naoṁ, a rugaḋ ó Ṁuire Óġ, d’ḟuiling páis fé Ṗontius Pílait, do céasaḋ ar ċrois, do fuair bás agus do h-aḋlacaḋ, a ċuaiḋ síos go h-ifrion, d’aiseírig an treas lá ó ṁarḃaiḃ, a ċuaiḋ suas ar neaṁ, atá ’na ṡuíḋe ar deasláiṁ Dé, an t-Aṫair Uile-ċoṁaċtaċ. As san tiocfaiḋ ag taḃairt breiṫeaṁantais ar ḃeóiḃ agus ar ṁarḃaíḃ. Creidim sa Spioraid Naoṁ, sa Naoṁ Eaglais Ċaitilicíġe