Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

30

C. Cé ḃéarfiḋ breiṫeaṁntas orainn an lá déanaċ?

F. Íosa Críosd.

C. Cad fá go dtaḃarfiḋ sé breiṫeaṁntas orainn an lá san, tar éis breiṫeaṁntais do ṫaḃairt orainn gan stad tar éis ár mbáis?

F. Ċum a ċirt do ṫaisbeáint os cóṁair an doṁain, ċóṁ maiṫ agus do ṫaisbeáin sé a ṫrócaire.

C. Cad déarfiḋ Críosd leis an ndream maluiġṫe an lá déanaċ?

F. “Imṫíġiḋ uaim, a ḋream ṁaluiġṫe, go teine ṡíoruiḋe, do h-olṁuíġeaḋ do’n diaḃal agus dá aingiolaiḃ.”

C. Cad déarfiḋ Críosd leis na deaġḋaoíniḃ an lá déanaċ?

F. “Gluaisíg liomsa, a ḋream ḃeanuiġṫe seo m’ Aṫar, agus glacaig an ríġeaċt atá olaṁ daoíḃ.”

C. Cá raċaiḋ an dream maluiġṫe an lá déanaċ?

F. Curfar, idir ċorp agus anam, iad go pianta síoruíḋe.

C. Cá raċaid na deaġ ḋaoíne an lá déanaċ?

F. Raċaid le n-a gcuirp glórṁara doṁarḃṫaċa, go flaṫas Dé.

C. Cad a ċialuiġean “amen”?

F. Bíoḋ mar sin.