Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

29

C. Cad é an creideaṁ Caitiliceaċ i dtaoḃ Purgadóireaċta?

F. Go ḃfuil a leiṫéid de staid ann, agus go ḃfuasgaltar na h-anamnaċa a ḃíon ann le h-urnuiġṫe agus le deaġoibreaċa na gCríosdaiḋṫe.

C. Cad a ṫuigean tu le loġa?

F. Réiḋteaċ ó’n bpianós aimsire d’ ḟanan go minic i ndiaiġ an ṗeaca tar éis maiṫeaṁnaċais d’ ḟáġail ansa ċoir.

C. Cé ṫugan amaċ loġa?

F. An Eaglais.

C. An maiṫean loġa peacaí?

F. Ní ṁaiṫean. Ní foláir na peacaí do ḃeiṫ maiṫte sul ar féidir toraḋ an loġa d’ ḟáġail.

Ceaċt a cúigdéag.

C. Cad is Ola déanaċ ann?

F. Sácramínt a cuireaḋ ar bun ċum nirt agus furtaċta ṫaḃairt do ḋaoíniḃ le línn báis dóiḃ.

C. Cad a ṫuigean tu le h-Órd beanuiġṫe?

F. Sácramint a ḃeir easboig, sagairt, agus cléir eile, do’n eaglais.

C. Cad a ṫuigean tú le pósaḋ?

F. Sácramínt a ḃeir grásta do’n lánṁain pósta ċum beiṫ gráḋaċ dílis dá ċéile agus a gclann do ṫabairt suas go riaġalta críosdaṁail.

C. An féidir na sacramintí ġlacaḋ an aṫuair?

F. Is féidir aċt aṁáin Baiste, dul fé laiṁ easboig, agus Órd Beanuiġṫe.

C. Cad fá naċ féidir iad san do ġlacaḋ an aṫuair?

F. Mar cuirid siad cóṁarṫa, no séalaḋ, spioradálta sa n-anam, náċ féidir go bráṫ do ċur as clóḋ.

Ceaċt a sédéag.

C. Cá uair a ḃearfiḋ Dia breiṫeaṁntas orainn?

F. Gan stad tar éis ás mbáis, agus lá an ḃreiṫeaṁntais generalta.

C. An eireóċaid ár gcuirp uile an lá déanaċ?

F. Eireóċaiḋ, le h-órduġaḋ Dé.