Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

28

C. Cad é an móḋ is feár ċum sinn féin do spreagaḋ ċum croíḋe ḃrúġaḋ?

F. A ċuíṁneaṁ gur ċuireamair fearg ar Ḋia a ṫuilean ár ngráḋ go h-iomlán.

C. Cad is cóir dúinn a ḋéanaṁ i n-am faoísdine?

F. Is cóir dúinn beanaċt an tsagairt d’ iaraiḋ; “aḋṁuiġim do Ḋia, ⁊c,” do ráḋ, go dtí na focail “tré m’ ċoir féin, ⁊c”; sinn féin do ḋaoraḋ i n-ár bpeacaí; ansan na peacaí d’ ínsint go fírinneaċ: ansan “ar an aḋbar san aṫċuingim, ⁊c,” do raḋ; agus éisdeaċt go h-úṁal le cóṁairle an tsagairt, agus ár gcaṫúġaḋ d’ aṫnuaċaint le línn é ṫaḃairt na h-aspolóide ḋúinn.

C. Cad is cóir a ṁeas do’n t-é a ċeilfaḋ peaca marḃṫaċ i n-a faoísdin?

F. Tuitean sé i gcoir uaṫḃásaċ, agus i n-inead maiṫeaṁnaċais d’ ḟáġail cuirean sé suas níos mó fearg Dé.

C. Cad is ceart dúinn a ḋéanaṁ tar éis faoísdine?

F. Buíḋċas do ḃreiṫ le Dia, agus ár mbreiṫeaṁnaċas aiṫríġe do ċúiteaṁ.

C. An ndéanfaḋ an breiṫeaṁnaċas aiṫríġe a ċuirean an sagart orainn sásaṁ i n-ár bpeacaí i ngaċ uile ċás?

F. Ní ḋéanfaḋ: aċt is féidir dúinn a dteastuíġean dé do ḋéanaṁ suas le gníoṁarṫaiḃ aiṫríġe uainn féín, agus le toraḋ loġa, agus ba ċóir ḋúinn fíorṫaiṫíġe ḋéanaṁ de na gníoṁarṫaiḃ sásaiṁ seo.

C. An iad na beóḋa aṁáin a ḟéadan cúiteaṁ do ṫaḃairt ’n-a bpeacaí le gníoṁarṫaiḃ sásaiṁ?

F. An ṁuíntir a ġeiḃean bás ar staid na ngrást agus ná bíon leórgníoṁ iomlán déanta acu ’n-a bpeacaíḃ ar an saoġal so, fuilingid siad an leórgníoṁ iomlán i bPurgadóireaċt.

C. Cad a ṫuigean tu le Purgadóireaċt?

F. Pianós ar an saoġal eile, d’ ḟuilingean an ṁuíntir a ġeiḃean bás ar staid na ngrást agus gan ceart Dé do ḃeit cúitiġṫe acu go h-iomlán ’na bpeacaí.