Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

27

C. Conus is ceart dúinn ḃeiṫ olam ċum cumaoíne?

F. Ní foláir dúinn ḃeiṫ ar staid na ngrást, creideaṁ beó do ḃeiṫ againn, dóċas laidir, agus teasġráḋ carṫanaċta. Agus is éigion beiṫ ar céadlongan ó ṁeaḋan oíḋċe roim ré.

C. Cad is ceart dúinn a ḋéanaṁ tar éis cumaoíne?

F. Is ceart duinn suím aimsire do ċaiṫeaṁ ag breiṫ buíḋċais le Dia agus ag ráḋ úrnuiġṫe.

C. An peaca mór cumaoíne do ġlacaḋ ar droċ staid?

F. Is peaca ró ċriṫeaglaċ é, óir “an t-é d’ iṫean agus d’ ólan ar droċ staid,” adeir naoṁ Pól, “iṫean sé agus ólan sé breiṫeaṁantas, ’sé sin, damnúġaḋ ḋo féin."

Ceaċt a ceaṫairdéag.

C. Cad é an níḋ Sácramínt na h-aiṫríġe?

F. Sácramínt le na maiṫtear dúinn na peacaíḋe a ḋéinimíd tar éis ár mbaisdí.

C. Cad iad na cóṁaċda le na maiṫtear peacaíḋe?

F. Leis na cóṁaċda d’ ḟág Críosd agá eaglais.

C. Cá uair d’ ḟág sé na cóṁaċda san agá eaglais?

F. Go h-áiriġṫe nuair a dúḃairt sé le n-a Aspolaiḃ, “Glacaiḋ an Spioraid Naoṁ; pé peacaíḋe a ṁaiṫfiḋ siḃ táid maiṫte.”

C. Cad í an tslíġ is feár ċum deaġḟaoísdine do ḋéanaṁ?

F. Ar dtúis ní foláir dúinn grásta Dé d’iaraiḋ ċum í ḋéanaṁ mar is cóir; an dara níḋ, sgrúdaḋ dúṫraċtaċ orainn féin do ḋéanaṁ, i dtaoḃ aiṫeanta Dé agus na h-Eaglaise, ċum fios d’ ḟáġail cad ann, nó cá ṁéid uair, a ṗeacuíġmair, le smuíneaṁ le briaṫar le gníoṁ nó le failíġe; an tríṁaḋ níḋ, sinn féin do spreagaḋ ċum doilġís croíḋe fá ḟearg do ċur ar Ḋia; agus ansan, rún daingean do ġlacaḋ gan an peacaḋ do ḋéanaṁ airís, aċt ár mbeaṫa do leasúġaḋ.

C. Cad é an níḋ croíḋe ḃrúġaḋ?

F. Doilġeas croíḋe agus fuaṫ don ṗeaca os cionn gaċ uile níḋ, de ḃríġ go gcuirean sé fearg ar Ḋia.