Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

26

C. Cad fá go mbuailean an t-easbog buile ḃais sa leacain ar an t-é a curtar fé láiṁ easboig?

F. Ċum a ċur i dtuisgint dó gur cóir dó ḃeiṫ olaṁ ċum gaċ masla agus tarcaisne d’ ḟulang ar son an ċreidiṁ.

Ceaċt a trídéag.

C. Cad é an níḋ Sácramínt Ċorp Críosd?

F. Fuil agus feóil anam agus Díaċt ár Slánuiġṫeóra Íosa Críosd, fé ġné aráin agus fíona.

C. An ḃfuil arán agus fíon i Sácramínt na h-altóraċ?

F. Ní’l, de ḃríġ go n-aṫruíġṫar substaint an aráin agus an ḟíona i ḃfuil agus i ḃfeóil ár Slánuiġṫeóra Íosa Críosd, tré ḃríġ na ḃfocal le n-a ndeintear an coisreacaḋ.

C. Conus is féidir an t-arán agus an fíon d’ aṫrúġaḋ i ḃfuil agus i ḃfeóil Críosd?

F. Le cóṁaċtaiḃ agus tré ṁórṁaiṫeas Dé, ná fuil aon níḋ doiċeaṁail ná doḋéanta ḋó.

C. Cad a ṫuigean tú le íḋbirt?

F. Gníoṁ Dia d’aḋraḋ, le n’ aḋṁuíġmíd cóṁaċta Dé go h-iomlán os ár gcoinn agus ár spleáḋċas féin go fórlíonta leis.

C. Cad í an íḋbirt atá sa dlíġ nua?

F. Íḋbirt an aifrinn.

C. An ḃfuil íḋbirt an aifrinn bun os cionn le h-íḋbirt na croise?

F. Ní’l, de ḃríġ gurab é an Slánuiġṫeóir céadna d ’íḋbir é féin go fuilteaċ ar an gcrois atá anois ’ġá íḋbirt féin ar ár n-altóiríḃ, ar moḋ neaṁḟuilteaċ.

C. Cad iad na h-aḋḃair ar a n-abartar an t-aifrion?

F. Ċum glóire ṫaḃairt do Ḋia, ċum buiḋċais do ḃreiṫ leis i dtaoḃ a ṫaḃarṫaisí, agus ċum a ġrasta agus a ṫrócaire d’iaraiḋ.

C. Cad é an fáṫ eile go ndeirtear an t-aifrion?

F. Ċum páise agus báis ár Slánuiġṫeóra do ċur i gcuíṁne ḋúinn.