Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/29

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

25

C. Conus is cóir ḃeiṫ olaṁ ċum sácramínt dul-fé-láiṁ-easboig do ġlacaḋ?

F. Fios aiṫeanta ár gCreidiṁ do ḃeiṫ againn agus ḃeiṫ ar staid na ngrást.

C. Cad é an deifríġeaċt atá idir ṡácramínt dul fé láiṁ easboig agus sácramínt an ḃaistí?

F. Tá, go ndéinean an baiste Críosdaiṫe agus clann Dé ḋínn, agus go ndéinean dul fé láiṁ easboig Críosdaiṫe níos iomláine ḋínn, agus saiġdiúrí cróga d’ ár Slánuiġṫeóir Íosa Críosd.

C. An bfuil dul fé láiṁ easboig ríaċtanaċ?

F. Ar a ṡon gur féidir duine do ṡáḃáil i n’ éaġmais, ḃeaḋ duine ciontaċ i bpeaca ró ṁór a ṫaḃarfaḋ failíġ ann.

C. Cad é an pionós a cuireaḋ an Eaglais i dtusaċ aimsire ar na h-aiṫreaċa nó ar na máiṫreaċ a leigfaḋ dá gclaínn bás d’ḟáġail gan an sácramínt sin?

F. Aiṫríġe trí mblian. Agus taisbeanan san dúinn gur mór an peaca failíġ do ṫaḃairt sa tsácramínt sin an uair is féidir é ḟáġail.

C. Cad é an tairḃe a ḋéinean an sácramínt sin dúinn?

F. Neartuíġean sé i n-ár gcreideaṁ sinn, tugan sé misneaċ dúinn ċum ár gcreidiṁ d’ adaṁáil os árd agus do ċosnaṁ i n-aġaiḋ naṁad, agus ċum ár ndualgas do ċóṁlíonaḋ gan náire ar biṫ.

C. An dtugan sé aon tairḃe eile ḋúinn?

F. Tugan, de ḃríġ gur leis a ġlacaimíd an Spioraid Naoṁ mar aon le na ṫíoḋlaicíḋe, agus séala beanuiġṫe an Tiġearna i n-ár n-anam, ċum go mbeiḋmis ’nár saiġdiúirí ċroḋa ag ár Slánuiġṫeóir Íosa Críosd.

C. Ná tugan an Baiste an Spioraid Naoṁ agus a ṫíoḋlaicí ḋúinn?

F. Tugan, aċt ní ċóṁ h-iomlán leis an sácramínt seo é.

C. An féidir do ḋuine an sácramínt dul fe láiṁ easboig do ġlacaḋ ṫar aon uair aṁáin?

F. Ní féidir, agus is peaca ró ṁór é ġlacaḋ go fiosaċ an dara h-uair.