Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

24

C. An ḃfuil sé dleaġṫaċ onóir do ṫaḃairt do’n Ṁaiġdean Ġlórṁar?

F. Tá go cinte, de ḃríġ gur ṫug Dia féin onóir di agus “go ndéarfid cineaċa an doṁain gur beanuiġṫe í.”

C. Cad í an onóir a ḃeirimíd di?

F. Onóraimíd í os cionn na naoṁ uile de ḃríġ gurab í máṫair Ċríosd í, aċt ní ṫugaimíd di an onóir is dual do Ḋia.

Ceaċt a dóḋéag.

C. Cad a ṫuigean tu le sácramínt?

F. Cóṁarṫa soḟeicse a ċeap Críosd ċum grásta ṫaḃairt dúinn.

C. Cad as go ḃfuil cóṁaċta ag na sácramíntí ċum grásta ṫaḃairt dúinn?

F. As mórluaċd ḃeaṫa Ċríosd agus a ḃáis, a ċuirid ċum soċair d’ár n-anamnaċaiḃ.

C. Cá ṁéid Sácramínt ann?

F. Seaċt Sácramíntí.

  1. Baiste.
  2. Dul fé láiṁ Easboig.
  3. Corp Ċríosd.
  4. Aiṫríġe.
  5. Ola ḋéanaċ.
  6. Órd beanuiġṫe.
  7. Pósaḋ.

C. Cad é an níḋ Baiste?

F. Sácramínt a ġlanan sinn ó ṗeaca an t-sínsir, agus a ḋéinean Críosdaiṫe agus clann Dé ḋínn.

C. Conus is cóir d’ḟear no do ṁnaoí baiste ṫaḃairt do leanḃ i n-am ríaċtanais?

F. Bas uisge do ḋortaḋ ar ċeann an leinḃ, agus a ráḋ le n-a línn sin, “Baistim ṫu i n-ainim an Aṫar agus an Ṁic agus an Spioraid Naoiṁ."

C. Cad é an níḋ dul fé láiṁ easboig?

F. Sacramínt do neartuiġean sinn i n-ár gCreideaṁ.