Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

23

5. A gceart féin do ḋíol leis an Eaglais.
6. Gan pósaḋ do ḋéanaṁ sa n-aimsir ċoisgiṫe, ná ins na glúiniḃ toirmisgṫe gaoíl.

C. Cad é an níḋ lá trosgaiḋ?

F. Lá ná ceaduiġṫear dúinn do ċaiṫeaṁ aċt aon ḃéile aṁáin, agus ar a mbíon feóil toirmisgṫe orainn.

C. Cad a tuigtear le laeṫiḃ tréiġnais?

F. Laeṫe ’n gcoisgtar feóil orainn aċt ar ar féidir linn ár ngnáṫ-ḃéilíḋe do ċaiṫeaṁ.

C. An leór dúinn dul uair sa mblain ċum faoísdine?

F. Ní leór. Tá faoísdin ġnáṫaċ ríaċtanaċ do gaċ uile ḋuine, aċt tá ceangailte orainn fé ṗéin ṗeacaḋ ṁairḃ gan ḃeiṫ bliain iomlán gan faoísdin.

C. Cá ḃfuil sé d’ ḟiaċaiḃ orainn comaoíne do ġlacaḋ um Ċáisg?

F. I n-ár bpróiste féin.

Ceaċt a h-aondéag.

C. Cad é an níḋ guiḋe ċun Dé.

F. Tógáil ar gcraṫaċa suas ċum Dé, ċum buíḋċais do ḃreiṫ leis, ċum é do ṁolaḋ, agus ċum a ṫaḃarṫaisí d’ iaraiḋ.

C. Cá huair ba ċóir dúinn úrnuiṫe do ráḋ?

F. Ba ċoir ná beaḋ i n-ár mbeaṫa, atá íḋbirṫa do Ḋia, aċt aon úrnuiṫe aṁáin ċóṁnuiġṫeaċ; aċt tá d’ḟiaċaiḃ orainn úrnuiṫe do ḋéanaṁ go h-áiriġṫe ar maidin agus um ṫráṫnóna, agus i n-am gaċ caṫa agus gaċ guaise.

C. Cad iad na h-úrnuiġṫe is mó a ċóṁairliġṫar dúinn do ráḋ?

F. An Ṗaidir, an t-Ave Maria, agus an Ċré.

C. Cé an Ṗaidir?

F. Íosa Críosd, molaḋ go deó leis!

C. Cé ḋein an t-Ave Maria?

F. Do ḋein an t-Aingiol Gábriel agus Naoṁ Eilís an ċéad ċuid dé, agus do ḋein an Eaglais an ċuid eile.