21
C. Cad fá go leigimíd sinn féin ar ár nglúiniḃ i laṫair íoṁáġṫa Ċríosd agus na naoṁ?
F. Ċum ár smuínte do ṡocrúġaḋ ar ḟlaṫas Dé agus ċum sinn féin do spreagaḋ ċum aiṫris do ḋéanaṁ ar na naoiṁ i n-ár mbeaṫa.
Ceaċt a naoí.
C. Cad a ċeanglan an dara h-aiṫne orainn?
F. Ár móide agus ár ngealaṁna dlistineaċa do ċoimeád.
C. Cad a ċoisgean an dara h-aiṫne orainn?
F. Gaċ dearḃaḋ neaṁ-ċeart; bréige; miona móra; easgainíḋe; diaṁaslaḋ; agus focail naoṁaiṫiseaċa.
C. An coir ró ṁór leaḃar eiṫig do ṫaḃairt?
F. Coir ró sganraṁail iseaḋ é, mar glaoḋtar ar Ḋia ċum fiaḋnaise ḋéanaṁ go ḃfuil an níḋ a deirtar fíor, agus gan ann go fiosaċ aċt bréag.
C. Cad a ċeanglan an tríṁaḋ h-aiṫne orainn?
F. An Doṁnaċ do ċaiṫeaṁ i n-úrnuiġṫe agus i ngnóṫaíḃ diaḋa eile.
C. Cad iad na gnoṫaí diaḋa eile iadsan?
F. Aifrean d’éisteaċt, beiṫ ag éisteaċt le teagasg, agus ag léiġe leaḃar ċríosdaṁla.
C. Cad a ċoisgean an tríṁaḋ h-aiṫne orainn?
F. Gaċ uile obair ṡaoṫruiġṫeaċ gan riaċtanas agus brise lae an Tiġearna go naoṁ-aiṫiseaċ.
C. Cad d’órduiġean an ceaṫraṁaḋ aiṫne?
F. Gráḋ agus uraim agus onóir do ṫaḃairt d’ aiṫreaċaiḃ agus do ṁáiṫreaċaiḃ agus d’uaċtaránaiḃ.
C. Cad a ċoisgean an cúigṁaḋ aiṫne orainn?
F. Gaċ dunṁarḃaḋ toilṫeaṁail, troid agus imreas.
C. Cad eile a ċoisgean an cúigṁaḋ aiṫne?
F. Gaċ anċaint ṫarcaisneaċ, fuaṫ, fearg agus rún díoġaltais.
C. Cad a ċoisgean an séṁaḋ aiṫne?
F. Gaċ cóṁluadar míġeanmnaíḋe le fear, nó le bean, náċ le duine féin.
C. Cad eile a ċoisgean an aiṫne seo?
F. An uile aṁarc, nó focal, nó gníoṁ, míġeanmnaíḋe.