Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

20

F.6.Ná dein drúis.

7. Ná dein guid.
8. Ná taḃair fiaḋnaise ḃréige i n-aon ċúis.
9. Ná santuig fear ná bean náċ leat féin.
10. Ná santuig clann duine eile, ná a áirnéis.

C. Cad a ċeanglan an ċéad aiṫne orainn?

F. Aon Dia aṁáin d’ aḋraḋ.

C. Conus ḋéinimíd Dia d’ aḋraḋ?

F. Le creideaṁ, le dóċas, le carṫanaċt, le n-urnuiġṫe, agus le h-íḋbirt.

C. Cad é an níḋ creideaṁ?

F. Soḃailce diaḋa le na gcreidimíd go daingion gaċ ar ṁúin Dia dúinn.

C. Cad é an níḋ dóċas?

F. Soḃailce diaḋa a ḃeir mainġín agus dóċas láidir dúinn go ḃfaġam an ḃeaṫa ṡíoruíḋe agus na meoḋain atá riaċtanaċ ċum a saoṫruiġṫe.

C. Cad é an níḋ carṫanaċt?

F. Soḃailce diaḋa a ḃeir dúinn Dia do ġráḋúġaḋ os cionn gaċ uile níḋ, ar a ṡon féin, agus ár gcóṁarsa mar sinn féin ar son Dé.

C. Cé h-é ar gcóṁarsa?

F. An ċine daona uile, ár naṁaid ċóṁ maiṫ le n-ár gcáirdiḃ, agus iad san mar an gcéadna náċ d’ ár gcreideaṁ.

C. An gcoisgean an aiṫne seo orainn onóir do ṫaḃairt do na naoíṁ?

F. Ní ċoisgean, de ḃríġ ná tugaimíd dóiḃ an árd onóir is dual do Ḋia féin.

C. Cad é an deifríġeaċt atá idir an onóir a ṫugaimíd do na naoíṁ agus an onóir a ṫugaimíd do Ḋia féin?

F. Is ar Ḋia aṁáin d’ iaraimíd grásta agus trócaire, agus ní iaraimíd ar na naoiṁ aċt a n-impíḋe do ċur suas ċum Dé ar ár son.

C. Cad fá go n-onóraimíd taise na naoṁ?

F. De ḃríġ go raḃdar a gcuirp roime seo ’na dteampail ag an Spioraid Naoṁ agus go ḃfaġaid siad onóir an lá déanaċ ar neaṁ.