Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

19

Ceaċt a seaċt.

C. Cá ṁéid príoṁ ṗeacaḋ marḃṫaċ ann?

F. Seaċt cínn. Cínn ṗeacaí marḃṫaċa a tugtar orṫa.

C. Abair na cínn ṗeacaí marḃṫaċa?

F. Uaḃar, saint, drúis, craos, fearg, formad, agus leisge.

C. Cá dtéiḋid an dream a ġeiḃean bás i bpeaca ṁarḃṫaċ?

F. Go h-ifrean ar feaḋ na síoruíḋeaċta.

C. Cad tá d’ḟiaċaiḃ orainn a ḋéanaṁ má ṫuitimíd i bpeaca ṁarḃṫaċ?

F. Aiṫreaċas fírinneaċ do ġlacaḋ agus dul ċum faoísdine.

C. Cad fá go raċaimís ċuim faoísdine nuair a ṫuitimíd i bpeaca ṁarḃṫaċ?

F. Ċum caradais Dé d’ḟáġail ṫar n-ais agus ċum ḃeiṫ do ġnáṫ olaṁ i gcóir an ḃáis.

C. Cad ba ċóir dúinn a ḋéanaṁ tar éis tuitim i bpeaca ṁarḃṫaċ dúinn dá mba ná féadfimís dul ċum faoísdine?

F. Ba ċóir dúinn aiṫreaċas ró ṁór do ġlacaḋ tré tuitim ann, agus an ċuid is luġa ḋe, dúil do ḃeiṫ againn dul ċum faoísdine.

Ceaċt a h-oċt.

C. I n-éaġmais an ṗeaca do ṡeaċaint cad é an ṁaiṫ atá ceangailte orainn do ḋéanaṁ?

F. Ní foláir dúinn aiṫeanta Dé agus na h-Eaglaise do ċoimeád.

C. Abair na deiċ n-aiṫeanta?

F. 1. Creid, a ṁic, i nDia go glan.
2. Ná taḃair ainim Dé gan aḋḃar.
3. Coimeád an tsaoíre mar is cóir.
4. Taḃair do t’aṫair agus do d’ ṁáṫair onóir.
5. Ná dein marḃaḋ.