Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

10

A Uain Dé, a ṫógan peacaíḋe an doṁain,
Ná daor sinn, a Ṫiġearna Íosa.
A Uain Dé, a ṫógan peacaíḋe an doṁain,
Éist linn, a Ṫiġearna Íosa.
A Uain Dé, a ṫógan peacaíḋe an doṁain,
Dein trócaire orainn, a Ṫigearna Íosa.
A Íosa, éist linn.
A Íosa, éist linn go ceannsa.


Guiḋmís.

Ó, a Ṫiġearna Íosa Críosd a dúḃairt “Iaraiḋ agus tá le fáġail agaiḃ, loirgiḋ agus do ġeaḃaiḋ siḃ, buailiḋ agus osgalóċar daoíḃ;” aiṫċimíd ort go h-uṁal go dtaḃarfá ḋúinn taḃarṫas do ġráḋ ró naoṁṫa, ionus go ngráḋóċaimís tu feasda le lán ċroíḋe, le gaċ briaṫar agus le gaċ gníoṁ, agus ná sgurfimís ċoíḋċe de d’ ṁolaḋ-sa, atá beó ad Ríġ ar ṡaoġal gan fórċean. Amen.