Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

9

A Íosa, a Ḟíor-Ṡolus,
A Íosa, a Eagna Ṡíoruiḋe,
A Íosa, a Ṁaiṫ gan teóra,
A Íosa, a Ṡlíġ agus a Ḃeaṫa,
A Íosa, a Luaṫġáir na n-Aingeal,
A Íosa, a Ríġ na ḃfáig,
A Íosa, a Oide na n-aspol,
A Íosa, a Ṫeagasgóir na Soisgéalaíḋe,
A Íosa, a Neart na martear,
A Íosa, a Ṡolus na gconfesóirí,
A Íosa, a Ġeanmnaíḋeaċt maiġdean,
A Íosa, a Ċoróinn na naoṁ uile.

Dein trócaire orainn.

Dein trócaire orainn. Ó, a Íosa, ná daor sinn.
Dein trócaire orainn. Ó, a Íosa, éist linn.

Ó’n uile olc,
Ó’n uile ṗeacaḋ,
Ó t’ ḟeirg féin,
Ó ċleasaiḃ an diaḃail,
Ó spioraid na drúise,
Ó ḃás ṡíoruiḋe,
Ó ḟailíġ do d’ ṁeanmna,
Tré rún diaṁar t’ Inċolna Naoṁṫa,
Tré ḃríġ do ḃeirṫa,
Tré ḃríġ do naoíndaċta,
Tré ḃríġ do ḃeaṫa ḋiaḋa,
Tré ḃríġ do ṡaoṫar,
Tré ḃríġ do ṗáise agus do ḃuarṫa,
Tré ḃríġ do ċroise augs do ṫréigin,
Tré ḃríġ do ṁór ḟulang,
Tré ḃríġ do ḃáis augs t’ aḋlacaḋ,
Tré ḃríġ t’ aiseirġe,
Tré ḃríġ do ḋeasgaḃála,
Tré ḃríġ do luaṫġára,
Tré ḃríġ do ġlóire.

Saor sinn, a Ṫiġearna.