Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

8

Liodán Íosa

A Ṫiġearna, dein trócaire orainn.
A Ċríosd, dein trócaire orainn.
A Ṫiġearna, déin trócaire orainn.
A Íosa, éist linn.
A Íosa, éist go ceannsa linn.
A Ḋia, a Aṫair na ḃflaṫas,
A Ṁic Dé, a Ṡlánuiġṫeóir an doṁain,
A Ḋia, a Spioraid Naoíṁ,
A Ṫríonóid Naoṁṫa, a aon Dia aṁáin,
A Íosa, a Ṁic Dé Ḃeó,
A Íosa, a lonnraḋ an Aṫar,
A Íosa, a Ġileaċt soluis síoruiḋe,
A Íosa, a Ríġ na glóire,
A Íosa, a Ġrian an ċirt,
A Íosa, a Ṁic na Maiġdine Muire,
A Íosa ró ġráḋṁar,
A Íosa ró iongantaċ,
A Íosa, a Ḋia ċóṁaċtaig,
A Íosa, a Aṫair an tsaoġail atá le teaċt,
A Íosa, a Aingeal na mór ċóṁairle,
A Íosa ró ċóṁaċtaig,
A Íosa ró ḟoiḋnig,
A Íosa ró riaraig,
A Íosa is mín uiríseal croíḋe,
A Íosa a ṫug gráḋ do’n ġeanmnaíḋeaċt,
A Íosa a ṫug gráḋ ḋúinne,
A Íosa, a Ḋia na síṫċána,
A Íosa, a Úġdar na Beaṫa,
A Íosa, a Ṡampla gaċ soḃailce,
A Íosa, a Ċara ḋílis na n-anam,
A Íosa, a Ḋia,
A Íosa, a Ċomairce,
A Íosa, a Aṫair na mboċt,
A Íosa, a Ṡaiḋḃreas na ḃfíoraon,
A Íosa, a Ḋeaġ-Aoḋaire,

Dein trócaire orainn.