Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

7

seasaṁ go h-iomlán ar do ċongnaṁ ġrástaṁail, ag taḃairt buiḋċais duit i dtaoḃ do ṫaḃartaisí uile agus ċum maiṫeamnaċais d’ḟáġail i n-ár bpeacaíḃ.

Ofrálaimíd é ar son síolraḋ an ċreidiṁ Ċaitilicíḋe, ar son ár n-aṫar ró naoṁṫa, an Pápa, ar son ár n-easboig, ár n-uaċtarán, agus ar son cléire uile t’ eaglaise naoṁṫa, ionus go dtreóróċaidís na fíoraoin i slíġ a slánuiġṫe, ar son síṫċána agus deaġṁéinne aimeasg gaċ pobuil agus gaċ stáit, ar son ríaċtanaisí na cine daona agus go h-áiriġṫe ar son an ṗobuil atá anso láiṫreaċ, ċum go ḃfaiġmís gaċ grásta atá riaċtanaċ dúinn ar an saoġal so, aoíḃneas do-ċríoċnuiġṫe ar an saoġal eile agus suaineas síoruiḋe do na fíoraonaiḃ d’imṫiġ róṁainn.

Agus do réir mar a órduiġ Íosa Críosd an uair a ċuir sé ar bun agá ṡuipéar ḋéanaċ an rún diaṁar iongantaċ so a ċóṁaċta a ċríonaċta ⁊ a ṁaiṫeasa, ofrálaimíd an t-Aifrion i gcuiṁniúġaḋ buiḋċais an ṁéud a ḋein sé agus d’ḟulaing sé le gráḋ ḋúinn, ag déanaṁ cuíṁniúġaḋ spisialta ar a ġéur ṗáis agus ar a ḃás, ar a aiseírġe ġlórṁar agus ar a ḋul suas ar neaṁ.

Ó, a Ḋia ṡíoruiḋe uile ċóṁaċtaig, (óir is duitse aṁáin is dual íḋbirt ċóṁ mór san) gaiḃ léi go grástaṁail ċum na gcríoċ so agus ċum gaċ críċe eile is taiṫneaṁaċ le d’ naoṁṫoil féin, agus ċum go mbeaḋ sí níos taiṫneaṁaíġe, ofrálaimíd duit í tríd an Íosa Críosd céadna, do Ṁac dílis, ár dTiġearna ⁊ ár Slánuiġṫeór, ár n-árd ṡagart agus ár n-iḋbirt, agus i n-ainim na Tríonóide ró naoṁṫa, an Aṫar agus an Ṁic agus an Spioraid Naoíṁ. Amen.


(Na mion-ġníoṁarṫa agus paidireaċa eile ar leaṫanaċa a 39-42.)