Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

6

Gníoṁ gráḋ agus croíḋe ḃrúġaḋ.

Ó, a Ṫiġearna, gráḋaim ṫú os cionn gaċ uile níḋ, de ḃriġ go ḃfuilir ró ġráḋṁar ró ṫaiṫneaṁaċ agus ró ṁaiṫ ionat féin. Tá gráḋ agam do m’ ċoṁarsain agus beiḋ do gnáṫ, mar mé féin, ar do ṡonsa. Tá gráḋ ċoṁ mór san agam duit gur túisge a sgarfinn leis an saoġal go léir ’ná mar a sgarfinn leat. Agus de ḃríġ go ndéinean an peacaḋ marḃṫaċ anam an duine do sgarṁaint leat, tá caṫúġaḋ agus dólás croiḋe ċoṁ mór san orm, tré ḟeirg do ċur ort riaṁ leis an bpeacaḋ, go ḃfuil aigne agam le congnaṁ do naoṁ grásta gan tuitim ann as so suas agus ócáidíḋe an ṗeacaḋ do ṡeaċaint go bráṫ airís.


Úrnaiṫe roim Aifrion.

Ó, a Aṫair ró ṫrócairiġ a ġráiḋ ċoṁ mór san an doṁan go dtugais suas t’aon Ṁac féin ċum sinne ṡáḃáil, an t-É le h-úṁaluíġeaċt duitse agus ar ár son-ne na peacaig, d’íslig é féin fós go bás na croise, agus a leanan ’ġá ofráil féin go laeṫeaṁail tré láṁaiḃ na sagart ar son na mbeó agus na marḃ aiṫċimíd ort go h-úṁal creideaṁ fírinneaċ do ċruṫúġaḋ ionainn ionas go n-iompróċaimís sinn féin do ġnáṫ le h-iomad cráiḃṫeaċta agus ḟomóis i láṫair íḋbirṫa ḟíornaoṁṫa a ċod’ fola agus feóla a déintear sa n-Aifrion, agus mar sin go dtiocfaḋ linn ḃeiṫ ranṗáirteaċ sa n-íḋbirt a ċuir sé i gcríċ ar ċnuc Ċalḃerí.

Ar aon íntinn le d’ naoṁ Eaglais agus le n-a seirḃíseaċ, ag iaraiḋ impíḋe na Maiġdine Muire, Máṫair Dé, na n-aingeal agus na naoṁ go léir, ofrálaimíd anois íḋbirt ró aḋraṁail an Aifrinn ċum t’ onóra agus ċum do ġlóire, ag adṁáil do ḋeaġ-ṁéinne gan teóra, t’ árdċóṁaċta os cionn gaċ créatúra, ár ḃfíor úṁluiġeaċt féin duit agus ár