Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/7

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

RÉAṀRÁḊ

Do ċnuasuiġeas sa leaḃar so ar sgríoḃas de sgéaltaiḃ gearra ó do cuireaḋ “Íosagán agus Sgéalta Eile” i gcló sa mbliaḋain 1907. Do cuireaḋ “An Ṁáṫair” agus “Bríġid na nAṁrán” agus an ċéad ċuid de’n sgéal darab teideal “An Ḃean Ċaointe” i gcló ċeana sa gClaiḋeaṁ Soluis. Níor cuireaḋ cló ar an gcuid eile roiṁe so.

PÁDRAIC MAC PIARAIS.

I Sgoil Éanna ḋom,
Lá Saṁna, 1915.