Jump to content

Page:An bealaċ buiḋe, dráma - Ua Laoghaire.djvu/9

From Wikisource
This page has not been proofread.

An Bealach Buidhe.

An Chéad Radharc.

Áit i Mágh Céidne.
Ua Dómhnaill agus Maguídhir i bhfochair a chéile.

Maguídhir.—Tá Sir Conyers ar buile. Ni’l aon iongnadh ach an t-éirleach a dhéanfidh sé orainn go léir.

Ua Dómhnaill.—Ní h-aon iongnadh é bheith ar buile. Is dócha go bhfuil fhios ag Eilís cheana féin conus mar a sgriosamair an tír seo Conacht i n-aimhdheóin Sir Conyers. Conus fhéadfidh an fear bocht agaidh a thabhairt i n-aon chor uirthi!

Maguídhir.—Tá aon nídh amháin i n'fhabhar.

Ua Dómhnaill.—Cad é an nídh é sin?

Maguídhir.—Nuair a neósfar di conus atá a ghnó déanta ag Essex ní chuímhneóchaidh sí i n-aon chor ar ghnó Sir Conyers.

Ua Dómhnaill.—Ambasa ach is fíor dhuit é. Ní fheadar an tsaoghal cad a dh'imthigh ar Essex. Thug sí mór shluagh dhó ná feacathas a leithéid i nÉirinn le chúig céad blian. Tá an Mhúmhain siúbhalta aige leó agus ní’l blúire tairbhthe déanta aige d’Eilís. Ní h-ag Eilís atá an Mhúmhain ’n-a