Jump to content

Page:An bealaċ buiḋe, dráma - Ua Laoghaire.djvu/10

From Wikisource
This page has not been proofread.

dhiaigh ach ag Séamus mac Gearailt, an fear nár mheasadar go raibh gníomh ar bith ann.

Maguídhir.—Is fada nár chuir aoinne oiread iongnadh orm agus ’tá curtha ag Essex orm. Nuair airígheas é bheith tagaithe go B’l’ath’ Cliath augs an tsluagh uathbhásach aige, mheasas nár bh'fhios cad a bhí le h-imtheacht orainn murar bh’ é toil an Tighearna cabhair éigin do bhrostughadh chúgainn andeas ó’n Spáinn. Ach an Mhúmhain do shiúbhal, ó Luimneach go Dun Garbháin agus ansan an Mhúmhain go léir d'fhágáilt ’n-a dhiaigh ag mac Thomáis Ruaidh agus ag Gearaltachaibh!

Ua Dómhnaill.—Ach, ná bac san. Dhéin sé aon ghníomh mileata amháin.

Maguídhir.—Cad é an gníomh é, a rígh?

Ua Dómhnaill.—Bhain sé Cathair Dúna Iasgaig de Thomás Buitlér.

(Sgeartaid ar gháirí. Tig diarmuid isteach agus rian an bhóthair air.)

Diarmuid.—Cúis gháire chúgaibh, a righthe, agus chúgainn go léir!

Ua Dómhnaill.—Míle fáilte rómhat, a Dhiarmuid! Deabhruighean tú go bhfuil slígh curtha dhíot agat, agus nách beagán slíghe é, agus nách go ró réidh a chuiris díot é.