Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/99

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
91
An Craos-Deaṁan.

is píosa bagúin a ṫugaḋ sé ainíos leis ar an ndúḃán as an loċ anairṫe. Uaireanta eile ṫugaḋ sé ainíos cnáṁ mairtḟeóla, nó cliaṫán caoraċ, nó cnapóg cáise. D’airiġeas ’na ḋiaiġ san gur báṫaḋ an buaċaill boċt sa loċ anairṫe. Ḃí rud éigin trom aige ’á ṫaḃairt ainíos ar an ndúḃán, agus do ṡleaṁnuiġ a ċos de’n ṗortán gruṫa, agus ṫuit sé isteaċ sa n-anairṫe agus do báṫaḋ é, slán mar a n-innstear é! Do déineaḋ tuireaṁ dó nár déineaḋ a leiṫéid d’aoinne roimis ná ’na ḋiaiġ:-

""Mac Eógan clú mairind,” agus mar leanas.

"Ṫánag ṫar n-ais ó’n gcistin ċun dul isteaċ airís sa tseómra ṁór. Toisg gan eólus an tíġe ḃeiṫ agam, agus aiṫne ar na póirsiḃ, ní h-ar an ndorus gceart a ṫugas aġaiḋ. D’osgalas an dorus n-a raiḃ m’ aġaiḋ air. Ċóṁ luaṫ agus ċuireas mo ċos ṫar an dtairsiġ ċonac an toċt breaġ geal. Ḃí tuirse orm, agus ċeapas go sínfinn tamall ar an dtoċt agus go gcuirfinn an tuirse ḋíom. Ċaiṫeas mé féin ar an dtoċt. Síos liom tríd go barraíḃ mo ḋá ċluas! Toċt ime b’eaḋ é. Do liúġas agus do ḃéiceas. Siúd am’ ṫímpal na seirḃísiġ. An t-oċtar ba ṫreise a ḃí ar seirḃíseaċaiḃ an Ḟáṫléaġa, b’é a ndíċeal mo ṫarang as an im, ḃíos ċóṁ fada san síos ann, agus ḃí an t-im ċóṁ ríġin ċóṁ ceangaltaċ san.

"Ṫaraingeadar amaċ mé fé ḋeire agus ba ḋóiċ leat go dtuitfeaḋ an t-anam asta le neart gáiríḋe nuair a ḃíos amuiċ acu. Níor b’iongnaḋ é. Ḃí culaiṫ ime orm ó ṁullaċ talaṁ, agus an t-im ’na ċnapógaiḃ agus ’na ṫéadraċaiḃ ṫíos agus tsuas orm, agus ar an uile ṫaoḃ díom. Ḃí sé ’na ḃúclaíḃ orm agus ’na ḃeilteanaiḃ, ’na láṁainniḃ ar mo láṁaiḃ agus ’na laincisíḃ ar mo ċosaiḃ. Ḃí sé stupaiṫe siar am’ béal