Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/98

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
90
An Craos-Deaṁan.

meala, agus laistiġ de’n ḟúnsa meala san, anuas ar ṁullaċ a ċinn, ḃí liaṫróid ṁór ġeal blonaige agus an liaṫróid lán de ċoinnliḃ beaga ’na seasaṁ inti agus iad go léir ar lasaḋ.

"Do stadas go dtí go raiḃ a ṫriṫeaṁ gáirí curṫa ḋé aige. Ansan do laḃras leis.

""D’oirfeaḋ dom dul isteaċ sa dún, a Ṁaoil- saille,” arsa mise, “mar is ċuige sin a ṫánag. An miste ḋom dul isteaċ?"

""Ó, ní miste, ní miste,” ar seisean. “Táṫar ag feiṫeaṁ leat istiġ. Imṫiġ ort isteaċ. Curfar gaċ aon ċóir ort. Ní fágfar aon níḋ d’ár ṁair riaṁ i n-easnaṁ ort."

"Isteaċ liom gan a ṫuille ríġnis. Dob’ áluinn an dún é. Má b’áluinn ó’n dtaoḃ amuiċ é ba ṡeaċt n-áluinne ’ná san ó’n dtaoḃ istiġ é. Ní raiḃ aċ biaḋ, biaḋ, biaḋ, ins gaċ aon ḃall ann. Biaḋ os mo ċionn. Biaḋ mór-ṫímpal orm. Biaḋ fé m’ċosaiḃ sa talaṁ. Biaḋ agus deoċ róṁam agus am’ ḋiaiġ pé ball ’na dtaḃarfainn m’ aġaiḋ.

"Níor ḃ’ḟada go dtánag mar a raiḃ an Fáṫliaiġ féin agus é ’na ṡuiḋe ’na ċaṫaoir ríoga, agus na h-uaisle ’na ṫímpal, mar a dúḃraḋ liom. D’ḟeuċas orṫa go léir go cruinn. Biaḋ ab eaḋ an t-éadaċ a ḃí orṫa. Biaḋ ab eaḋ na h-órnáidí a ḃí orṫa. Biaḋ ab eaḋ na caṫaoireaċa agus an uile ṡaġas triosgáin d’á raiḃ mór-ṫímpal an ríġ-ṫíġe.

"Ċuaḋas isteaċ sa ċistin. Ḃí mac an Ḟáṫléaġa féin istiġ sa ċistin, agus a ṡlat-iasgaireaċta aige, agus é ag iasgaireaċt. Dúḃán geire iseaḋ ḃí aige, agus de smior lurgan fiaḋ a ḃí a suaimneaċ déanta. Ḃí sé ansúd sa ċistin ’na ṡeasaṁ ar ṗortán gruṫa, ar bruaċ loċa anaiṫre, agus é ag dúḃánaċt. Uaireanta