Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/97

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
89
An Craos-Deaṁan.

Maolsaille is ainim dom, Maolsaille, Mac Maoilime, mic Blonaige."

""Is ró ṁaiṫ an ainim atá ort, a Maoilsaille," arsa mise, “agus is oireaṁnaċ, ċóṁ h-oireaṁnaċ, do réir mar a deirir, agus a ḃí ar t’aṫair, agus ar do ṡeana ṁáṫair. Ṫugais leat an dúṫċas go léir. Tá saill agus im agus blonag a ndóiṫin go léir ionat-sa."

"Ċuir sé sgearta gáire as, agus do leaṫ sé a ḃéal. D’eiriġ a ṗluic i dtreó gur ḋún a ṡúile. Ḃí a ḃéal ioċtair ar bogaḋ agus a ṫeanga ag tuitim isteaċ ’s amaċ ’na ḃéal. Ḃí a ḋá ċliaṫán agus a ḋá ġuala ar croṫaḋ díreaċ mar a ḃéaḋ ualaċ féir a béaḋ d’á ṫarang ar ḃóṫar ġarḃ. An ḟaid a ḃí sé ag gáirí ḃíos féin ’ġá ṫaḃairt fé ndeara. Bí bróga sleaṁaine deasa seana ḃagúin air, agus buinn de ċrústa ruaḋ aráin cruiṫneaċtan fúṫa. Ḃí stocaí cróna, de ṡaill mairt, ar a loirgniḃ agus suas ar a ċolpaiḃ breaġṫa raṁara. Ḃí bríste glún air a ḃí déanta de ḃoiġreán ḃuiḋe go ḃfeicfeá ṫú féin ’na ċeaṫraṁnaiḃ ḃí a leiṫéid sin de ṡnas ann. Ḃí casóg cuirp air de ċaoirḟeóil ṫruaġ a ḃí go sgiomarṫa agus go bláṫṁar. Ḃí crios de ċroicean bradáin air a ḃí, ba ḋóiċ leat, lán de réiltíníḃ, mar a ḃéaḋ Síog na Spéire oíḋċe ṡeaca. Ḃí falaing air de’n sgannán a ṫagan ar leaṁnaċt ḃeirḃṫe nuair a leigtear dó fuaraḋ. Ḃí mar ḃiorán i mbrollaċ na falainge sin, asna columóra, agus súil columóra mar ċeann ar an mbiorán Ḃí láṁainní breaġṫa geala nua-uaċtair ar a ḋá láiṁ. Aċ a ċeann! A ċeann a ṁairḃ mé ar fad. Ḃí ar dtúis banda boiġreáin mór-ṫímpal a ċinn. Ḃí os cionn an ḃanda san mór-ṫímpal, sraiṫ de ċnapógaiḃ ime, gur ḋóiċ leat gur cnapóigín óir gaċ cnapóg acu. Os cionn na gcnapóg ime sin ḃí mór-ṫímpal ṫuas, fúnsa