Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/96

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
88
An Craos-Deaṁan.

Caibidiol a dóḋeug.

"ṪUGAS mo ḃáidín ċun puirt,” arsa Mac Conglinne, "ar aġaiḋ an dúna síos. Ṫánag i dtír. Suas liom an staiġre a ḃí déanta go ceárdaṁail de leaca- ċaiḃ geire a ḃí go breaġ daingean cruaiḋ fé m’ ċosaiḃ. Ṫánag go geata an dúna. Cóṁla geire a ḃí ar an ngeata, agus lúb de ṗotóig ċaoraċ mar ḋaingean uirṫi. Ḃí smaċtín cáise ’na ṡeasaṁ i leiṫ taoiḃ an ġeata. Do rugas ar an smaċtín agus ḃuaileas buille ḋe ar an gcóṁlainn. Do ḃog an ċóṁla uaim isteaċ. Siúd isteaċ mé. Ċonac dorus dúnta ar m’ aġaiḋ isteaċ. Cóṁla cáise a ḃí ar an ndorus san, agus gan ag coimeád na cóṁlan dúnta aċ lúibín gruṫa. Ní raiḃ aon smaċtín i n-aice an doruis sin. Níor ḋéineas aċ an lúibín gruṫa d’osgailt agus an ċóṁla do ṡáḋ róṁam. Do ḃog sí róṁam go h-éagsa. Siúd isteaċ mé. Ċonac an dóirseóir laistiġ de’n dorus. Ba ḃreaġ an raḋarc le feisgint é mar ḋóir- seóir! Cuir sé fáilte róṁam. Ṫugas freagra air mar ba ċeart. Ní ḟéadainn mo ṡúile ṫógaint dé. Ṫuig sé go raḃas ag déanaṁ iongnaḋ ḋé.

""Is maiṫ an teaċt agat é, a ṁic léiġinn,” ar seisean, “aċ níor ṫánaís a gan ḟios orainn. Tá gaċ níḋ ollaṁ ad’ ċóir. Ní dóiċ linn go mbéiḋ aon loċt agat le fáġail ar an áit seo murab ionan a’s aon áit ’nar ṫugais t’aġaiḋ fós."

""Ċím, a ḟir ṁaiṫ,” arsa mise, “go n-aiṫniġean tú mé, aċ ní aiṫniġim-se ṫusa."

""Mise dóirseóir an dúna so,” ar seisean, “agus