Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/91

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
83
An Craos-Deaṁan.

ad’ ċuideaċta ṡéiṁ ġrinn ġealgáiriteaċ duit féin agus do gaċ aoinne a ḋéanfaiḋ teangaḃáil leat."

""Ó!” arsa mise, “stiúruiġ mé ċun na h-áite sin."

""Stiúróċad,” ar seisean. “Isé céad rud atá agat le déanaṁ ’ná tú féin a ċur fé ċomairce na n-uasal a ḃainean le Talaṁ an Ḃíḋ, i dtreó ná báṫfaí ṫú sa n-anaiṫre. Ansan caiṫfir aire ṁaiṫ a ṫaḃairt duit féin agus gan dul amú’ ar an slíġ."

""Agus cé h-iad na h-uaisle naċ foláir dom dul fé n-a gcomairce?” arsa mise.

""Tá,” ar seisean, “Annleisge, mac Saille Slea- ṁaine, agus Císte mac Cruiṫneaċtan, agus Mairt- ḟeóil mac Tobáin, agus Gruṫ an Ċúil Ḃuiḋe, agus Goile mac Sgórnaiġ nár staon riaṁ ó ċogaḋ ná ó ṁór ċaṫaiḃ bíḋ. An ḟaid a ḃéiḋ tú fé ċomairce na n-uasal san ní baoġal duit ċoíḋċe tú ḃáṫaḋ sa n-anaiṫre."

""An gcurfá-sa mé fé ċomairce na n-uasal san anois?” arsa mise leis.

""Cuirfead ċeana,” ar seisean.

"Ansan do ċuir sé mé fé ċomairce na n-uasal úd.

""Annleisge mac Saille Sleaṁaine go gcosanaiḋ tú!” ar seisean. “Agus Císte mac Cruiṫneaċtan go ndéiniḋ díon duit! Mairtḟeóil mac Tobáin go dtugaiḋ misneaċ duit! Gruṫ an Ċúil Ḃuiḋe go dtugaiḋ lán béil duit! Goile mac Sgórnaiġ go dtugaiḋ slogaḋ ḋuit! Imṫiġ ort anois,” ar seisean, "agus ná h-eiriġ amú” ar an slíġ.""

(Nuair a ḃí Mac Conglinne ag ráḋ na ḃfocal "Goile mac Sgórnaiġ go dtugaiḋ slogaḋ ḋuit,” ċuir sé greim ana ṁéiṫ ċun béil Ċaṫail agus ṡnap sé siar uaiḋ airís é. Do leaṫ Caṫal a ḃéal nuair a ċonaic sé an greim feóla ag teaċt. Nuair as napaḋ uaiḋ airis