Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/90

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
82
An Craos-Deaṁan.

n-aon diġ, agus dóiṫin naonḃair de d’ṡórd i ngaċ diġ des na seaċt ndeoċa san."

""Oċón!” arsa mise, “cad a ḋéanfad! Tá an donas ar fad anois orm. Ní’l an bolg san agam-sa ná i n-aon ġiorraċt dó. Do sgoilfeaḋ orm sar a mbéaḋ leaṫ oiread an méid sin iṫte ná ólta agam. Agus feuċ, tá buile ocrais tagaiṫe orm ó ḃeiṫ ag éisteaċt leat! Tá dóiṫin an ḃuilg sin a dúḃraís d’ocras orm, agus ní’l an bolg agam ċun an ocrais do ṡásaṁ. Is cruaiḋ an cás é, a ṁic Lán na Beilte. B’ḟéidir le t’ṫoil, ó ċuiris an t-ocras orm le d’ ċaint, go dtaḃarfá cóṁairle ḋom ar cad ab ḟearra ḋom a ḋéanaṁ ċun an ocrais a ḃaint díom."

""Taḃarfad-sa an ċóṁairle sin duit, a ḟir ḃoiċt," ar seisean. “Eiriġ go dtí Dísert an Fáṫléaġa."

""Cad é an gnó ḃéaḋ ansan agam?” arsa mise "Ní’l aon easba sláinte orm. Ocras is eaḋ atá orm. Ní liaiġ ná doċtúir atá uaim, aċ biaḋ agus deoċ."

""Ó,” ar seisean “naċ neaṁḟoiḋneaċ an duine boċt tú! Ná féadfá fanṁaint agus éisteaċt liom go dtí go mbéaḋ deire ráiḋte agam! Eiriġ go dtí Dísert an Ḟáṫléaġa. Bainfear an t-ocras díot sa n-áit sin ċóṁ maiṫ agus dá mbéaḋ an bolg mór úd ort. Ġeaḃair ann lán do ċroíḋe de’n uile ṡaġas bíḋ agus díġe d’á ḟeaḃas, biaḋ bog bríoġṁar milis foláin, a ḋéanfaiḋ t’ḟiacala ċóṁ geal ċóṁ glan ċóṁ líoṁṫa le fiacalaiḃ con, agus ná cuirfiḋ masmus ort dá mbeiḋ- feá ’ġá ḋ’iṫe ar feaḋ seaċtṁaine gan stad, agus deoċ breaġ láidir meiḋraċ meanamnaċ meisgeaṁail, a ḃainfiḋ na cosa uait aċ ná goillfiḋ ċoíḋċe ar do ċeann, deoċ ná cuirfiḋ teinneas cinn ort ná teinneas croíḋe, ná coilic ná daṫaċ ná diaċair, aċ d’ḟágfaiḋ ċoíḋċe ṫú go suairc agus go sultṁar agus go súgaċ,