Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/84

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
76
An Craos-Deaṁan.

ṫeaġlaċ, teaġlaċ Ṗiċáin agus teaġlaċ Ċaṫail. Ċua- dar isteaċ mar a raiḃ an riġ. Ḃí sé i ndeire an anama leis an ocras, nó geall leis. Ḃí an neart imṫiġṫe as. Do rugadar air agus ċeangaladar é de ṫaoḃ an tíġe leis na téadaiḃ agus leis na slaḃraiḃ. Níor ċuir sé ’na gcoinniḃ puinn. Ḃí sé ró lag. Nuair a ḃí sé ceangailte acu ṫáinig Mac Conglinne ’na ndiaiġ, agus níor ḟág sé ceangal gan tástáil ná snaiḋm gan feuċaint, agus ḃí sé tamall maiṫ, le bacánaiḃ agus le coránaiḃ agus le díngṫiḃ, ag cur gaċ ceangail agus gaċ snaiḋme ó ḃaoġal sgaoilte.

Nuair a ḃí an méid sin déanta aige agus a aigne sásta ná raiḃ aon ḃaoġal go ḃféadfaḋ Caṫal cos ná láṁ leis do sgur ó sna ceangalaiḃ a ḃí air, pé cor a ṫaḃarfaḋ sé ḋó féin, ná pé únḟairt a ḋéanfaḋ sé, ná pé buile feirge ṫiocfaḋ air, ṫáinig sé agus do rug sé leis isteaċ na beara agus an ḟeóil orṫa, agus ċuir sé ar ḃórd iad i n-aice Ċaṫail.

Do laḃair sé le sagart a ḃí ann agus dúḃairt sé leis fanṁaint ar an dtaoḃ amuiċ de’n dorus i dtreó go ḃféadfaí glaoḋaċ air dá mbéaḋ aon deaḃraṁ báis ag teaċt ar an ríġ.

Nuair a ċonaic Caṫal an ḟeóil, agus nuair a ċuaiḋ a balaiṫ faoi, d’eiriġ an ḃuile ocrais istiġ ’na ġoile. Ḃain sé cúpla únḟairt as féin, aċ ní raiḃ aon ṁaiṫ ḋó ann. Ḃí na ceangalaċa ró ḋaingean. D’ḟan sé socair. Ċeap sé, níḋ nár ḃ’ iongnaḋ, gur ḃ’aṁlaiḋ a ḃí an mac léiġinn ċun na feóla ṫaḃairt le n-iṫe ḋó ó láiṁ. Do ṡuiġ Mac Conglinne le h-ais an ḃúird. Bain sé a sgian as a ċrios. B’é gnás na h-aimsire sin, nuair a ṫéiḋeaḋ duine ċun dínnéir go tiġ duine eile, go mbíoḋ a sgian féin ag gaċ aoinne. Díreaċ mar is gnáṫ anois go mbíon a ṗíopa féin ag gaċ