Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/83

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
75
An Craos-Deaṁan.

ṁairtḟeóla agus ceaṫraṁaḋ muilt, de’n ḟeóil is fearr atá sa dún agat. Agus taḃair ċugam raint meala ’na ċriaṫraiḃ, agus raint salainn, salann Sasanaċ, ar ṗláta airgid ġil. Agus taḃair ċugam ċeiṫre beara fada, glana, geala, finnċuill."

Do tugaḋ ċuige an ḟeóil, agus an ṁil, agus an salann ar an méis airgid, agus na ceiṫre beara. Do tugaḋ ċuige níos mó de’n ḟeóil ’ná mar a ḋ’iar sé. D’imṫiġ sé ansan, agus iad go léir ag faire air, agus ṡocruiġ sé spala mór feóla ar gaċ bior des na ċeiṫre bearaiḃ. Ansan do ċuir sé aprún breaġ geal lín- éadaiġ uime agus hata leaṫan anuas ar ṁullaċ an ċinn air féin. Ansan d’aduiġ sé teine ḃreaġ d’ḟuinn- seóig ṫirm, teine ṁór go raiḃ ċeiṫre dóirse teiṫe geala uirṫi, gan deataċ ná ceó ná spréaċa ag teaċt asta, aċ solus glan agus teas. Ċuir sé bior, agus a spala feóla air, ar aġaiḋ gaċ doruis des na ċeiṫre dóirsiḃ sin, agus an ḟaid a ḃí an ḟeóil d’á róstaḋ ḃí sé ag ruiṫ ó ḃior go bior, ’ġá gcasaḋ, agus ag cimilt na meala agus an tsalainn de’n ḟeóil, agus ag taḃ- airt an uile ṡaġas aireaċais di i dtreó go ndéanfaí an róstaḋ sa ċeart. Ḋéin sé an gnó ċóṁ maiṫ san nár ṫuit ċun tailiṁ oiread de ṡúġlaċ na spalaí feóla san "agus ḃáṫfaḋ criṫir coinnle, aċ pé súġlaċ a ḃí ionta gur isteaċ ’n-a lár féin a ċuaiḋ sé.” Sin mar adeir an seana leaḃar.

Nuair a ḃí an ḟeóil ollaṁ le tógaint ó’n dteine do laḃair Mac Conglinne:-

"Téada agus réiṫeaċa ḋom!” ar seisean.

Do tugaḋ ċuige iad; oiread téadraċa agus slaḃraí agus ċeangalóċaḋ faṫaċ.

Ṫug Mac Conglinne cogar do Ṗiċán. D’ḟeuċ Piċán ’na ṫímpal. Ḃailiġ na fir ba ṫreise ar an dá