Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/82

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
74
An Craos-Deaṁan.

Caibidiol a deiċ.

DO ṫroisg Caṫal an oíḋċe sin, agus do ṫroisg a ṫeaġlaċ agus teaġlaċ Ṗiċáin, agus Mac Cong- linne féin, agus an uile ḋuine d’á raiḃ sa dún. Do ḋún Mac Conglinne an tiġ fé mar a ḋéin sé an oíḋċe roiṁ ré é, agus do luiġ sé féin sa tulg ag ursain an doruis i dtreó nár ḟéad aoinne dul amaċ ná teaċt isteaċ i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe, agus ná raiḃ aon ḃaoġal go dtaḃarfaí biaḋ ná deoċ isteaċ sa tiġ a gan ḟios dó.

Nuair a fuair Piċán agus a raiḃ láiṫreaċ go raiḃ Caṫal ag déanaṁ an trosgaiḋ an tarna h-oíḋċe is beag ’ná go raiḃ sórd eagla ag teaċt orṫa roimis an ḃfear iasaċta. Ḃíodar ag faire ar an uile ċor a ċuireaḋ sé ḋé, agus aon órduġaḋ a ṫugaḋ sé uaiḋ ḋéinidís rud air láiṫreaċ gan a ḟiafraiġe dé cad ċuige é. Ḃíodar i gcás aige gur ṫúisge ḋéanfaidís rud air ’ná mar a ḋéanfaidís ar Ċaṫal féin.

D’eiriġ Mac Conglinne i ndeire na h-oíḋċe agus ġlaoiḋ sé ar Ṗiċán.

"An ḃfuil Piċán ’na ċodlaḋ?” ar seisean.

"Am briaṫar, a ṁic léiġinn, ná fuil,” arsa Piċán.

"Ní’l aon ḟonn codlata orm. An ḟaid a ḃeiḋ Caṫal mar atá sé ní féidir do Ṗiċán codlaḋ ḋéanaṁ. An ḟaid a ḃéiḋ Caṫal mar atá sé ní ḋéanfad-sa codlaḋ ná suan, soilḃreas ná suairceas, gean ná gáire, a ṁic léiġinn."

"Eiriġ, a ríġ,” arsa Mac Conglinne, “agus taḃair ċugam ceaṫraṁaḋ ḃagúin agus ceaṫraṁaḋ