Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/76

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
68
An Craos-Deaṁan.

ag feuċaint ar Ċaṫal ag taḃairt na n-uḃall do’n ċleasaiḋe, agus mura mbéaḋ go ḃfeacadar an méid sin ní ċreidfidís go ḃféadfaí a ċur ḟeuċaint ar Ċaṫal é ḋéanaṁ. Ḃí Piċán agus an ċuideaċta ollaṁ ar aon rud a ċreideaṁaint nuair a ċonacadar an méid sin. D’á ḃríġ sin, ċóṁ luaṫ agus d’iar Caṫal cóṁairle Ṗiċáin i dtaoḃ na h-aisge a ḃí ag an mac léiġinn ’á iaraiḋ, dúḃairt Piċán láiṫreaċ an aisge ṫaḃairt dó.

"Taḃarfar,” arsa Caṫal. “Cad í an aisge atá uait?"

"Sar a n-innsead an aisge, a ríġ,” arsa Mac Cong- linne, “caiṫfead deiṁne ḟáġail air go ḃfaġad í."

"Ġeaḃair,” arsa Caṫal. “Cad é an deiṁne atá uait?"

"An deiṁne is fearr ḟéadfaḋ a ḃeiṫ ag duine; do ḃriaṫar flaṫa ann,” arsa Mac Conglinne.

"Mo ḃriaṫar flaṫa ann duit go ḃfaiġir an aisge Cad ’tá uait?” arsa Caṫal.

"D’eiriġ toirmeasg aréir,” arsa Mac Conglinne, "idir mé féin agus muintir Ċorcaiġe, agus ċuireadar go léir a mallaċt orm, agus siné fé ndeara ḋom an rud so a ḋéineas anso anois ort-sa. Ní’l aċ aon níḋ aṁáin a ṡaorfaiḋ mé ó’n mallaċt san a ċuir muintir Ċorcaiġe orm. Ní’l aċ aon duine aṁáin ar biṫ d’ḟéadfaiḋ an níḋ sin a ḋéanaṁ dom. Is tusa an t-aon duine aṁáin sin, a ríġ, agus isé níḋ atá agat le déanaṁ dom ’ná trosgaḋ aon oíḋċe aṁáin liom ċun Dé, agus siní an aisge atá agam ’á iaraiḋ ort, a ríġ."

"Trosgaḋ aon oíḋċe aṁáin duit!” arsa Caṫal. "Airiú, a ṁic léiġinn, taoi’n tú ar buile! Conus ḟéadfá a leiṫéid sin d’ aisge ’iaraiḋ orm! Iar rud éigin eile. Iar aon rud eile is maiṫ leat."

"Ní ḋéanfaḋ aon rud eile aon tairḃe ḋom, a ríġ.